Borróg

Borróga agus seacláid iontu
Is císte beag milis é borróg agus cruth ciorclach uirthi de ghnáth. Bíonn sí beag go leor ionas gur féidir le duine í a choinneáil ina lámh. Fuintear i gcupán páipéir í, agus cuirtear siúcra, uachtar buailte nó maisiú eile uirthi.
Itear í léi féin nó i dteannta tae nó caife. Bíonn éileamh ar bharróga ag cóisirí páistí.
Comhábhair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Déantar borróga le him, uibheacha, siúcra agus plúr, mar a dhéanfaí císte. Tá comhábhair éagsúla iontu ar nós seacláide, cnónna, úlla, rísíní is rudaí eile chun blas faoi leith a thabhairt dóibh.