Carnabhal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCarnabhal
Íomhá
Cineáltéama ealaíne Cuir in eagar ar Wikidata
Eatramh imeacht1 bliain Cuir in eagar ar Wikidata


Carnabhal á cheiliúradh sa Róimh timpeall bliana 1650
Carnabhal in Rio de Janeiro, an ceiliúradh carnabhail is mó ar Domhan dar leis an Guinness Book of World Records

Ceiliúradh poiblí roimh an Charghas is ea Carnabhal. Ceiliúrtar tréimhse Carnabhail sna tíortha ina bhfuil an Chríostaíocht Iartharach, go mór mhór an Caitliceachas, agus an Chríostaíocht Cheartchreidmheach Gréagach i réim.

Tagann Carnabhal gach bliain i mí Feabhra nó i dtús mí Márta sa tréimhse ar dtugtar an Inid uaireanta. Sa Bhraisil, ní thosaíonn an carghas, go dtí meán lae Dé Céadaoin an Luaithrigh.

Scoileanna ag cleachtadh sa Sambadrome, Rio, iúil 2008

Paráidí a bhíonn i gceist an chuid is mó den am, agus mascanna agus feistis feiceálacha eile á chaitheamh ag na daoine atá páirteach iontu.

Deasghnáth aisiompaithe é Carnabhal dar leis na haintraipeolaithe.

Is í carnabhal Rio de Janeiro an fhéile sráide is mó ar domhan b'fhéidir.[1] Ach is í carnabhal Salvador an fhéile sráide is mó ar domhan, de réir chomhairle cathrach Salvador.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Carnabhal sa Bhrasaíl – saoire ón ngnáthshaol…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-03-02.
  2. "Favela" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-03-02. Dáta rochtana: 2020-03-02.