Louis Antoine Léon de Saint-Just
Louis Antoine Léon de Saint-Just | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||
Meán Fómhair 20, 1792 - Iúil 27, 1794
Feabhra 19, 1794 - Márta 6, 1794 ← Joseph-Nicolas Barbeau du Barran (en) ![]() ![]() | |||||||
Saol | |||||||
Eolas breithe | Decize, 25 Lúnasa 1767 | ||||||
Náisiúntacht | An Fhrainc | ||||||
Teanga dhúchais | an Fhraincis | ||||||
Bás | Páras, 28 Iúil 1794 | ||||||
Áit adhlactha | Errancis C (en) ![]() | ||||||
Cúis bháis | (gilitín) | ||||||
Oideachas | |||||||
Alma mater | Lycée Louis-le-Grand | ||||||
Teangacha | an Fhraincis | ||||||
Gairm | |||||||
Gairm | polaiteoir, scríbhneoir, réabhlóidí agus file | ||||||
Áit oibre | Páras | ||||||
Cleamhnú | |||||||
Páirtithe polaitíochta | Club na Seacóibíneach |
Ceannaire de chuid Réabhlóid na Fraince ab ea Louis Antoine de Saint-Just (a rugadh i nDecize, Nièvre, ar 25 Lúnasa 1767 agus a fuair bás faoin ngilitín i bPáras ar 28 Iúil 1794). Tugadh “Ardaingeal na Sceimhle” air. Ba chara le Robespierre é agus básaíodh iad i dteannta a chéile.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Garmhac le nótaire, chláraigh sé mar mhac léinn dlí in Ollscoil Reims, ach d'éirigh sé as tar éis bliana.[1]
I ndiaidh Réabhlóid 1789 tháinig sé chun cinn mar cheannaire réabhlóideach ina shráidbhaile Blérancourt (atá i département Aisne faoi láthair). Ba ghearr gur tharraing sé aird Maximilien Robespierre, a bhí ina dhlúthchara aige ina dhiaidh sin.
Ball den Choinbhinsiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1792 a toghadh chun an Choinbhinsiúin Náisiúnta nua é, agus é an ball ab óige inti. Labhair sé ar dtús chun Louis XVI (an « fealltóir » « Louis Capet ») a cháineadh go fíochmhar agus chun éileamh a dhéanamh go ndéanfaí é a chur chun báis. Thacaigh an óráid sin leis na Seacaibínigh glacadh leis sin mar a mbeartas féin agus dá réir sin dícheannadh Louis ar an ngilitín in Eanáir 1793.
Bhí Saint-Just ar thús cadhnaíochta lucht dréachtaithe Bhunreacht 1793, a bhí daonlathach ó bhonn agus ar glacadh leis go hoifigiúil ar 24 Meitheamh 1793. Mar sin féin, níor tháinig an Bunreacht sin i bhfeidhm riamh, ó ba rud é go raibh an Phoblacht ag troid chun maireachtáil agus ag cur in aghaidh ionradh ar chríoch na Fraince ag comhrialtas na gcumhachtaí frith-réabhlóideacha.
Ó Iúil 1793 go dtí Iúil 1794 bhí Saint-Just ina bhall de Choiste na Slándála Poiblí, ar ligeadh an Coinbhinsiún Náisiúnta dó cumhachtaí deachtóra a fheidhmiú chun an Réabhlóid a chosaint.
Dhíbir an Coiste easaontóirí Girondin as an gCoinbhinsiún Náisiúnta i bpróiseas fada a tharla idir Meitheamh agus Deireadh Fómhair 1793. Uime sin, glacadh le Dlí na nAmhrastach i mí Mheán Fómhair, de bharr Saint-Just a bheith ag gríosadh go nglacfaí leis. Faoin dlí sin gabhadh na céadta mílte, meastar, agus fuair na mílte bás.
Uachtarán ar an gCoinbhinsiún Náisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]
Toghadh Saint-Just ina Uachtarán ar an gCoinbhinsiún Náisiúnta ar a 19 Feabhra 1794 agus bhí páirt mhór aige Ré an Uafáis, in aghaidh naimhde líomhnaithe na Poblachta. Mar shampla
- ruaigeadh na « hébertistes » (ar an eite chlé) i Márta 1794.
- ruaigeadh Danton agus a lucht leanúna in Aibreán 1794.
Le Dlí 22 Prairial (10 Meitheamh 1794) géaraíodh Ré an Uafáis arís, trí choincheap « namhaid an phobail » a thabhairt isteach,
- deireadh a chur le ceart an chúisí chun dlíodóirí nó finnéithe cosanta,
- srianadh a chur ar an bhfíorasc (bás nó éigiontú) agus
- gach díolúine ó ionchúiseamh a bhaint de bhaill an Choinbhinsiúin.
Bású[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mhéadaigh luas na gcúiseamh agus na mbásuithe go mór sna seachtainí ina dhiaidh sin. Dá bharr sin d'éirigh tromlach an Choinbhinsiúin Náisiúnta amach i gcoinne Robespierre agus a chomhghleacaithe (27-28 Iúil 1794) a cuireadh chun báis iad féin, ina measc Saint-Just, a bhí dílis go díograiseach dó deireadh mar chara agus mar chomhghleacaí.
Cúis amháin ar cheap an dream a bhí ag cur in éadan Robespierre agus Saint-Just go raibh siad in ann iad a shárú in Iúil 1794 ná go raibh cúrsa an chogaidh i bhfabhar go mór le Poblacht le linn na bliana go dtí sin, go pointe áirithe mar gheall ar ghníomhaíochtaí Saint-Just mar choimisinéir míleata, tráth ar bhain sé úsáid as pionós an bháis i gcoinne ceannasaithe mainneachtnacha, go dian ach ar bhonn roghnaitheach.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Scoil Dlí, COBAC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-07-28.