Ré an Uafáis
Cineál | tréimhse stairiúil ![]() |
---|---|
Cuid de | Réabhlóid na Fraince ![]() |
Tréimhse | 2 Meán Fómhair 1793 - 28 Iúil 1794 |
Suíomh | An Chéad Phoblacht Fhrancach, An Fhrainc ![]() |
Tír | An Fhrainc ![]() |
Eagraí | Committee of Public Safety (en) ![]() ![]() |

Tugtar Ré an Uafáis, nó go simplí an tUafás, (5 Meán Fómhair 1793 – 28 Iúil 1794) ar na laethanta ba mheasa de Réabhlóid na Fraince, ina bhris foréigean amach idir na dá fhaicsean Gioróndach agus Seacaibíneach. Ré fuilteach a bhí ann, ina chuireadh na mílte daoine chun báis, daoine ar a dtugtaí "naimhde na réabhlóide". Meastar inniu gur mharaíodh idir 20,000 agus 40,000 duine le linn na tréimhse. An grúpa a bhí freagrach as ná Coiste na Slándála Poiblí, faoin ceannaire Maximilien Robespierre.
Bhí an gilitín ("an Rásúr Náisiúnta", mar a bhítí ag tabhairt air) ina shiombail mhór ar Ré an Uafáis, agus i measc na daoine ba cháiliúla a daoradh chun aghaidh a thabhairt air ná Marie-Antoinette, Philippe Égalité, Madame Roland agus Antoine Lavoisier.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |