Gilitín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ionann Gilitín agus uirlis básaithe a d'úsáidtí, go háirithe sa Fhrainc le linn na Réabhlóide sa tír sin. Ainmníodh é as an bhfear a mhol é ar dtús; an Dr. Joseph-Ignace Guillotin. Maraítear duine le gilitín trí dhícheannú. Úsáideadh é chun duine a chur chun bás don uair dheireanach sa Fhrainc, sa bhliain 1977.