Maximilien Robespierre
Maximilien Robespierre | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||
Lúnasa 22, 1793 - Meán Fómhair 5, 1793 ← Marie-Jean Hérault de Séchelles (en) ![]() ![]()
Meitheamh 4, 1794 - Meitheamh 19, 1794 ← Claude Antoine, comte Prieur-Duvernois (en) ![]() ![]() | |||||||
Saol | |||||||
Eolas breithe | Arras, 6 Bealtaine 1758 | ||||||
Náisiúntacht | Frainc | ||||||
Teanga dhúchais | an Fhraincis | ||||||
Bás | Páras, 28 Iúil 1794 | ||||||
Áit adhlactha | Errancis C (en) ![]() Catacómaí Pháras | ||||||
Cúis bháis | pionós an bháis (dícheannadh) | ||||||
Muintir | |||||||
Athair | François de Robespierre | ||||||
Céile/Céilí | luach ar iarraidh | ||||||
Siblíní | liosta iomláin | ||||||
Oideachas | |||||||
Alma mater | Lycée Louis-le-Grand (1769 - 1781) céim sa dlí : dlí | ||||||
Teangacha | an Fhraincis An Iodáilis | ||||||
Gairm | |||||||
Gairm | polaiteoir, dlíodóir, iriseoir agus réabhlóidí | ||||||
Áit oibre | Páras | ||||||
Duaiseanna | |||||||
Cleamhnú | |||||||
Reiligiúin | dias | ||||||
Páirtithe polaitíochta | Club na Seacóibíneach | ||||||
![]() |
Duine de na ceannairí ba thábhachtaí i Réabhlóid na Fraince a bhí i Maximilien François Marie Isidore de Robespierre (6 Bealtaine 1758 – 28 Iúil 1794).
Bhí sé ina bhall de Choiste na Slándála Poiblí agus ghlac sé páirt lárnach sa chuid den réabhlóid ar a tugtar Ré an Uafáis, go dtí gur gabhadh agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1794.
Ceannaire dian agus cruálach ab ea é, ach neamh-éillitheach ag an am céanna, rud a thuill an leasainm "Robespierre Dochlaonta" dó.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhítí ag maíomh gur de bhunadh na hÉireann é ach dealraíonn sé nach bhfuil aon bhunús leis an ráiteas sin.[1]
Thosaigh Robespierre ar an mbealach chuig an gcumhacht agus é ina abhcóide nuacháilithe, nuair a bhí sé ag obair ar son na gcliant bocht a bhí aige ina bhaile dúchais, Arras. Bhí sé ina ionchúisitheoir agus ina bhreitheamh le linn dó páirt a ghlacadh sa pholaitíocht idir 1789 agus 1794.
Bhí sé thíos seal, thuas seal ó thaobh na polaitíochta de, ag brath ar thionchar na Seacaibíneach ag an am. Bhí sé i mbarr a chumhachta mar bhall de Choiste na Slándála Poiblí idir Iúil 1793 agus Iúil 1794.
Is é Robespierre a bhain úsáid den chéad uair as an mana "Saoirse, Comhionannas, Bráithreachas!" in óráid a thug sé i mí Meán Fómhair 1790.
Bású[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar an 28 Iúil 1794 a dícheannadh gan triail é, i bPáras, i gCearnóg na Réabhlóide, lá tar éis don Chomhdháil Náisiúnta é a shéanadh, in éineacht le ceannairí eile de Choiste na Slándála Poiblí, mar fhreagairt ar Ré an Uafáis a chuir siad i gcion ar an bPoblacht ó mhí Meán Fómhair na bliana roimhe sin.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Scoil Dlí, COBAC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-06.