Maximilien Robespierre
| Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Maximilien de Robespierre |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 6 Bealtaine 1758 Arras, An Fhrainc |
| Bás | 28 Iúil 1794 36 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
| Siocair bháis | Pionós an bháis (Dícheannadh) |
| Áit adhlactha | Errancis Cemetery (en) Catacómaí Pháras |
| 45 Uachtarán na Comhdhála Náisiúnta | |
| 4 Meitheamh 1794 – 19 Meitheamh 1794 ← Claude Antoine, comte Prieur-Duvernois – Élie Lacoste → | |
| 26 Uachtarán na Comhdhála Náisiúnta | |
| 22 Lúnasa 1793 – 5 Meán Fómhair 1793 ← Marie-Jean Hérault de Séchelles (en) | |
| | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Dias |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Lycée Louis-le-Grand - dlí (1769–1781) Ollscoil Pháras |
| Céim acadúil | Baitsiléir Dlíthe |
| Teanga dhúchais | an Fhraincis |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Réabhlóidí agus polaiteoir |
| Suíomh oibre | Páras |
| Gairm | polaiteoir, iriseoir, dlíodóir, réabhlóidí |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Club na Seacóibíneach |
| Faoi thionchar | |
| Teangacha | An Fhraincis agus an Iodáilis |
| Ghlac sé/sí páirt i | |
| 5 Bealtaine 1789 | Réabhlóid na Fraince |
| Saothar | |
| Suíomh a chartlainne |
|
| Eile | |
| Athair | François de Robespierre |
| Siblín | Augustin Robespierre agus Charlotte de Robespierre |
| Ciontaíodh i | dúnbhású |
Gradam a fuarthas | |
Duine de na ceannairí ba thábhachtaí i Réabhlóid na Fraince a bhí i Maximilien François Marie Isidore de Robespierre (6 Bealtaine 1758 – 28 Iúil 1794).
Bhí sé ina bhall de Choiste na Slándála Poiblí agus ghlac sé páirt lárnach sa chuid den réabhlóid ar a tugtar Ré an Uafáis, go dtí gur gabhadh agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1794.
Ceannaire dian agus cruálach ab ea é, ach neamh-éillitheach ag an am céanna, rud a thuill an leasainm "Robespierre Dochlaonta" dó.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhítí ag maíomh gur de bhunadh na hÉireann é ach dealraíonn sé nach bhfuil aon bhunús leis an ráiteas sin.[1]
Thosaigh Robespierre ar an mbealach chuig an gcumhacht agus é ina abhcóide nuacháilithe, nuair a bhí sé ag obair ar son na gcliant bocht a bhí aige ina bhaile dúchais, Arras. Bhí sé ina ionchúisitheoir agus ina bhreitheamh le linn dó páirt a ghlacadh sa pholaitíocht idir 1789 agus 1794.
Bhí sé thíos seal, thuas seal ó thaobh na polaitíochta de, ag brath ar thionchar na Seacaibíneach ag an am. Bhí sé i mbarr a chumhachta mar bhall de Choiste na Slándála Poiblí idir Iúil 1793 agus Iúil 1794.
Is é Robespierre a bhain úsáid den chéad uair as an mana "Saoirse, Comhionannas, Bráithreachas!" in óráid a thug sé i mí Meán Fómhair 1790.
Bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 28 Iúil 1794 a dícheannadh gan triail é, i bPáras, i gCearnóg na Réabhlóide, lá tar éis don Chomhdháil Náisiúnta é a shéanadh, in éineacht le ceannairí eile de Choiste na Slándála Poiblí, mar fhreagairt ar Ré an Uafáis a chuir siad i gcion ar an bPoblacht ó mhí Meán Fómhair na bliana roimhe sin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBAC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-06.