Sa cheimic, is comhdhúil cheimiceaché eistear a dhíorthaítear ó aigéad (orgánach nó neamhorgánach) ina gcuirtear grúpa –O- ailcile (alcaileach) in ionad grúpa amháin -OH (hiodrocsa). De ghnáth, díorthaítear eistir ó imoibriú malartaithe d’ aigéad carbocsaileach agus alcól. Is eistir thábhachtacha sa bhitheolaíocht iad na glicrídí, ar eistir d’aigéid shailleacha gliocróil iad, toisc go bhfuil siad ar cheann de na príomh-aicmí lipidí, agus gurb iad an chuid is mó de shaillte ainmhithe agus olaí glasraí iad. Úsáidtear eistir a bhfuil meáchan móilíneach íseal acu go coitianta mar cumhráin agus tá siad le fáil in olaí eisintiúla agus bhfearamóin. Cruthaíonn foiseistir cnámh droma na móilíní ADN. Tá eistir níotráite, mar shampla nítriglicrín, ar eolas mar gheall ar a n-airíonna pléascacha, cé gur plaistigh thábhachtacha iad poileistir, lemonaiméirí ceangailte ag páirteanna d'eistir. Go hiondúil, bíonn boladh milis ag na heistir agus meastar gur tuaslagóirí den scoth iad le haghaidh raon leathan plaisteach, plaisteachán, roisíní, agus laicear. Tá siad ar cheann de na haicmí bithbhealaí sintéiseacha is mó ar an margadh tráchtála.
Tá boladh sainiúil cosúil le torthaí ag go leor eistear, agus bíonn go leor acu go nádúrtha i mblátholaí plandaí. Mar thoradh air seo úsáidtear go coitianta iad i mblaistiú agus i gcumhráin shaorga a bhfuil sé mar aidhm acu aithris a dhéanamh na boladh sin.