Bláthola
Appearance
Is éard is bláthola[1] ann ná ola nádúrtha sho-ghalaithe a tháirgeann plandaí is a thugann boladh cumhra don fhásra. Den chuid is mó, is teirpéanóidigh iad, agus cabhraíonn siad le cailliúint uisce a laghdú mar go ngalaíonn siad is go gcruthaíonn bac ar dhromchla na duilleoige. Feictear na faireoga ola go minic mar spotaí daite snasta scaipthe ar fhásra nó bláthanna. Coitianta ar phlandaí i ngnáthóga tirime teo, agus braitheann méid is cáilíocht na hola cuid mhaith ar an oiread de sholas na Gréine a fhaigheann an planda.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): bláthola” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bláthola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 79.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |