Liosta monarcaí na Gearmáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Liostaíonn an t-airteagal seo monarcaí na Gearmáine, iad siúd a rialaigh na críocha i Lár na hEorpa ina labhraítí an Ghearmáinis ó chruthú Ríocht na nOir-Fhrancach (Ríocht Lughaidh) sa bhliain 843 go dtí deireadh Impireacht na Gearmáine sa bhliain 1918. Áiríonn sé freisin cinnirí Chónaidhmeanna éagsúla na Gearmáine tar éis titim na hImpireachta Naofa Rómhánaí, sa bhliain 1806.

Tá an caidreamh idir an teideal "rí" agus "impire" sa cheantar ar a dtugtar an Ghearmáin sa lá atá inniu ann díreach chomh casta le stair agus struchtúr na hImpireachta Naofa Rómhánaí í féin. Bhí Ríocht na Gearmáine ann roimh Impireacht na Gearmáine.

  1. Cuireadh tús le Ríocht na Gearmáine tar éis Conradh Verdun, sa bhliain 843, nuair scoilteadh Ríocht na bhFranc. Cruthaíodh an Ríocht Oir-Fhrancach nó Ríocht Lughaidh as oirthear na ríochta agus thug na ríthe rex Francorum orthu féin, sé sin 'rí na bhFranc agus níos déanaí 'rex' amháin. Ní raibh aon tagairt do "Gearmánaigh", rud a léireofaí teacht chun cinn náisiún Gearmánach de chineál éigin, go dtí an aonú haois déag, nuair a thagair an Pápa dá namhaid Anraí IV mar 'rex teutonicorum', nó rí na nGearmánach', d'fhonn é a bhrandáil mar eachtrannach. D'aisfhreagair na ríthe go seasta ag baint úsáide as an teideal 'Rex Romanorum', 'Rí na Rómhánach', chun béim a leagan ar a riail uilíoch fiú sula raibh Impireacht acu. D'fhan an teideal seo leo go dtí deireadh na hImpireachta sa bhliain 1806.
  2. Ní raibh Ríocht na Gearmáine go hiomlán oidhreachtúil; in áit, bhí an tsinsearacht ina ceann amháin de na fachtóirí a chinneadh comharbas na ríthe. Thoghadh na huaisle an rí go foirmiúil, ag leanúint le traidisiún na bhFranc. De réir a chéile, is ar an ngrúpa prionsaí ar a dtugtar na toghthóirí (Gearmáinis: Die Kurfürsten) amháin a leagadh an phribhléid agus thug an Bulla Órga sa bhliain 1356 sainmhíniú foirmiúil ar imeachtaí an toghcháin.
  3. Sa Mheán-Aois, níor ghlac an rí leis an teideal "Impire" (ón bhliain 982 ba é an teideal iomlán ná Imperator Augustus Romanorum, Impire Urramach na Rómhánach) go dtí gur bhronn an Pápa an choróin air. Ar dtús, bhí air Coróin Iarainn na Lombairde (Corona Ferrea) a fháil, tar éis sin ghlac sé an teideal rex Italiae, Rí na hIodáile. Ina dhiaidh sin uilig, bheadh air dul ar aghaidh go dtí an Róimh agus bhronnadh an Pápa Coróin na hImpireachta air.
  4. Ba é Maximilian I an chéad rí a d'iompraigh an teideal Impire-tofa. Tar éis gur theip ar a iarracht chun máirseáil go dtí an Róimh sa bhliain 1508 agus an choróin a fháil ón Phápa, d'fhógair sé féin ina Impire-tofa le toiliú an Phápa. Ghlac a chomharba Séarlas V leis an teideal Impire-tofa freisin i ndiaidh a chorónú sa bhliain 1520 go dtí gur bhronn an Pápa coróin na hImpireachta air sa bhliain 1530. Ó Ferdinand I ar aghaidh, bhí gach Impire ina Impire-tofa, ach de ghnáth thagraítí dóibh mar Impirí. Ag an am céanna, thagraítí dóibh siúd a bhí tofa ina gcomharbaí mar Rí na Rómhánach, má bhí siad tofa ag coláiste na dToghthóirí le linn a réamhtheachtaí bheith beo.


An Ríocht Oir-Fhrancach, An Impireacht Naofa Rómhánach 843-1806[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clúdaíonn an rannóg seo an Ríocht Oir-Fhrancach, an chuid thoir den Impireacht Fhrancach de dheasca chrích dheighilt na hImpireachta a chuireadh i bhfeidhm faoi théarmaí Chonradh Verdun sa bhliain 843. Níos déanaí, thugtaí Ríocht na Gearmáine, a bhí ina phríomhchuid (agus ansin ina chuid aonair) den Impireacht Naofa Rómhánach (an Náisiúin Gearmánach).

Bhí Ríocht na Gearmáine comhdhéanta ní hamháin as na críoch na Gearmáine sa la atá inniu ann, ach freisin as críocha na hOstaire, na hEilvéise, Phoblacht na Seice, na Slóivéine, agus na dTíortha faoi Thoinn, chomh maith le codanna den Fhrainc, den Iodáil agus den Pholainn

Ríthe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liostáiltear impirí i gcló trom agus bíonn ríthe comhraic, antai-ríthe, agus leasríthe sóisearacha i gcló iodálach.

Ainm Teach Impire Críochnaithe Nótaí
Lughaidh Gearmnach
(Ludwig II der Deutsche)
Cairilínseach 11 Lúnasa 843 23 Lúnasa 876 Mac an Impire Lughaidh Cráifeach agus garmhac Shéarlais Mhóir
Lughaidh Óg
(Ludwig III der Jüngere)
Cairilínseach 28 Lúnasa 876 20 Eanáir 882 Rialaigh sé san Ríocht Oir-Fhrancach, an tSacsain, ón bhliain 880 agus freisin sa Bhaváir
Carloman
(Karlmann)
Cairilínseach 28 Lúnasa 876 22 Márta 880 Mac Lughaidh Gearmnach; ruled in Bavaria; from 877 also King of Italy
Séarlas Ramhar
(Karl III, der Dicke)
Cairilínseach 28 Lúnasa 876 12 Feabhra 881 11 Samhain 887
Arnulf na Carinthia
(Arnulf von Kärnten)
Cairilínseach 30 Samhain 887 25 Aibreán 896 8 Nollaig 899
Lughaidh an Leanbh
(Ludwig IV das Kind)
Cairilínseach 21 Eanáir 900 20/24 Deireadh Fómhair 911
Conrad I
(Konrad I)
Conradine (Franconian) 10 Samhain 911 23 Nollaig 918
Anraí Foghlaera
(Heinrich I der Vogler)
Liudolfing 23 Aibreán 919 2 Iúil 936
Arnulf an t-olc
(Arnulf der Böse, Herzog von Bayern)
Luitpolding (Bavarian) 919 921
Otto I, Impire Naofa Rómhánach
(Otto I der Große)
Ottonian 7 August 936 2 February 962 7 May 973
Otto II Rua
(Otto II)
Ottonian 26 May 961 25 December 967 7 December 983
Otto III
(Otto III)
Ottonian 25 December 983 21 May 996 21 January 1002
Anraí II
(Heinrich II der Heilige)
Ottonian 7 June 1002 26 April 1014 13 July 1024
Conrad II
(Konrad II)
Salian (Frankish) 8 September 1024 26 March 1027 4 June 1039
Anraí III
(Heinrich III)
Salian 14 April 1028 25 December 1046 5 October 1056
Anraí IV
(Heinrich IV)
Salian 17 July 1054 21 March 1084 31 December 1105
Rudolf von Rheinfeld
(Rudolf von Rheinfelden)
Rheinfeld 15 March 1077 15 October 1080
Hermann von Salm
(Hermann von Luxemburg, Graf von Salm)
Salm 6 August 1081 28 September 1088
Conrad
(Konrad)
Salian 30 May 1087 27 July 1101
Anraí V
(Heinrich V)
Salian 6 January 1099 13 April 1111 23 May 1125
Lothair III
(Lothar III)
Supplinburger 30 August 1125 4 June 1133 4 December 1137
Conrad III
(Conrad III)
Hohenstaufen 7 March 1138 15 February 1152
Anraí Berengar
(Anraí (VI))
Hohenstaufen 30 March 1147 August? 1150
Feardorcha I Barbarossa
(Friedrich I Barbarossa)
Hohenstaufen 4 March 1152 18 June 1155 10 June 1190
Anraí VI
(Heinrich VI)
Hohenstaufen 15 August 1169 14 April 1191 28 September 1197
Feardorcha II
(Friedrich II)
Hohenstaufen 1197 1197
Pilib na Suáive
(Philipp von Schwaben)
Hohenstaufen 6 March 1198 21 August 1208
Otto IV
(Otto IV von Braunschweig)
Welf 29 March 1198 4 October 1209 5 July 1215
Feardorcha II
(Friedrich II)
Hohenstaufen 5 December 1212 22 November 1220 26 December 1250
Anraí
(Heinrich (VII))
Hohenstaufen 23 April 1220 15 August 1235
Conrad IV
(Konrad IV)
Hohenstaufen May 1237 1 May 1254
Anraí Raspe
(Heinrich Raspe)
Thuringia 22 May 1246 16 February 1247
An Cúnta Wilhelm II na hOllainne
(Wilhelm von Holland)
Holland 3 October 1247 28 January 1256