Conradh Verdun

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh Verdun
Íomhá
Cineálconradh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósVerdun Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsitheLúnasa 843 Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharMiddle Francia (en) Aistrigh
An Fhranc Thiar
Francia Thoir Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhVerdun, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir
Cúisdeireadh Carolingian Civil War (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Ríochtaí na bhFranc tar éis na deighilte a d'eascair as Conradh Verdun'

Chuir Conradh Verdun (Verdun-sur-Meuse, Lúnasa 843) clabhsúr le Cogadh Cathartha na gCairilínseach a bhí ag dul ar aghaidh ar feadh trí bliana. Socrú a bhí ann idir triúr mac marthanach an rí Lughaigh Cráifeach (Laidin:Ludovicus (imperator)), mac agus comharba Charlemagne, a roinn críocha na hImpireachta Cairilínsí i dtrí ríocht idir garmhic Shéarlais Mhóir.

Nuair a fuair Lughaigh Cráifeach bás sa bhliain 840, d'éiligh Lothair I (Laidin: Lotharius I (imperator)), a mhac ba shine, ardtiarnas thar 'ríochtaí’ a dheartháireacha agus thacaigh sé le h-éileamh a nia Pépin II, gur cheart dó bheith ceaptha ina Rí na hAcatáine, cúige an-mhór in iarthair na Fraince. Nuair a fuair a chuid deartháireacha Lughaidh Gearmánach (Laidin:Ludovicus II "Germanicus") agus Séarlas Maol (Laidin: Carolus II (imperator)) an lámh in uachtar ar a chuid fórsaí ag Cath Fontenoy-en-Puisay (841) agus nuair a séalaíodh a gcomhghuaillíocht le Mionnaí Strasbourg (842), bhí Lothair toilteanach dul i mbun caibidlíochta leo in ionad leanúnach ar aghaidh i mbun cogaíochta.

Bhí gach ceann de na deartháireacha réamhbhunaithe cheana féin i ríocht amháin - Lothair san Iodáil, Lughaidh Gearmánach sa Bhaváir, agus Séarlas Maol san Acatáin. De réir na socraíochta, choinneáil Lothair, (a bhí ainmnithe mar “ comh-Impire” cúig bliana roimhe sin) a theideal mar ‘an tImpire’ agus:

  • Fuair Lughaidh Gearmánach líomatáiste an oirthir. Ráthaíodh go mbeadh na tailte go léir ar taobh thoir na Réine agus i dtuaisceart agus in oirthear na hIodáile aige, a tugadh an Ríocht Oir-Fhrancach (Laidin: regnum francorum orientalium) uirthi agus a bhí ina réamhtheachtaí don Impireacht Naofa Rómhánach as ar eascair an Ghearmáin nua-aimseartha .
  • Fuair Séarlas Maol líomatáiste an iarthair, as ar eascair an Fhrainc níos deireanaí ina dhiaidh sin. Deonaíodh Ríocht na hAcatáine ar Phépin II, ach amháin go mbeadh sé fós faoi údarás Shéarlais. Fuair Séarlas na tailte ar bhruach thiar na Róine, ar a dtugtar an Ríocht Iar-Fhrancach (Laidin:. francia occidentalis).

Ghéill Lothair an Iodáil chuig a mhac ba shine Lughaidh II sa bhliain 844, a dhéanamh ina chomh-Impire é sa bhliain 850. Fuair Lothair bás sa bhliain 855, agus roinneadh a ríocht i dtrí chuid: na críocha a bhí ag Lughaidh cheana féin d'fhan siad leis, deonaíodh na críocha a bhain le iar-Ríocht na Burgúine ar a thríú mhac, sé sin Charles de Provence, agus an chríoch a bhí fágtha ar a dhara mhac, sé sin Lothair II. Gaireadh 'Lotharingia' (Laidin: regnum Lotharii) ina dhiaidh sin ar an ndúiche seo a bhí gan ainm go dtí sin.

De réir go raibh Lughaidh II míshásta toisc nach bhfuair sé breis críche tar éis bás a athair, chuaigh sé i gcomhghuaillíocht leis a uncail Lughaidh Gearmánach i gcoinne a dheartháir Lothair agus a uncail Séarlas Maol sa bhliain 858. Réitigh Lothair lena dheartháir agus a uncail go gairid i ndiaidh sin, cé go raibh drochmheas ar Shearlas ionas nach bhféadfadh sé arm a thógáil le dul i ngleic leis an ionraidh agus theith sé go dtí an Bhurgúin; shábháil na heaspaig é áfach nuair a dhiúltaigh siad an choróin a bhronnadh ar Lughaidh Gearmánach. Rinne Séarlas Maol ionradh ar Ríocht na Burgúine de chuid Charles de Provence sa bhliain 860, ach theip air agus bhí sé ruaigthe as. Ghéill Lothair II tailte chuig Lughaidh II sa bhliain 862 ionas go bhfaigheadh sé tacaíocht uaidh chun a bhean chéile a cholscaradh, rud a thionscain coimhlintí arís agus arís eile leis an Phápa agus a uncail. Fuair Charles de Provence bás sa bhliain 863, agus fuair Ludwig II a ríocht.

Fuair Lothair II bás sa bhliain 869 gan aon oidhrí dlisteanacha aige, agus roinneadh a ríocht idir Séarlas Maol agus Lughaidh Gearmánach sa bhliain 870 faoi Chonradh Meerssen. Idir an dá linn, bhí Ludwig na Gearmáine gafa le díospóidí lena triúr mac. Fuair Ludwig II bás sa bhliain 875, agus ainmníodh Karlmann, (Laidin: Karlomannus rex), mac ba shine an rí, ina oidhre. Corónaíodh Séarlas Maol, le tacaíocht an Phápa, ina Rí na hIodáile agus ina Impire Naofa Rómhánach araon. An bhliain ina dhiaidh sin, fuair Lughaidh Gearmánach bás. Rinne Séarlas iarracht a ríocht a nasc-ghabháil freisin, ach buadh air go cinntitheach ag Andernach, agus roinneadh Ríocht bhFranc san oirthear (sé sin an Fhrainc Thoir) idir Lughaidh III (nó Lughaidh Óg), Karlmann na Baváire agus Karl III (nó Karl ramhar) (Laidin: Carolus Pinguis). Catagoir:843