Lughaidh Gearmánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lughaidh Gearmánach
Louis I of East Francia.jpg
Diúc na Baváire

Saol
Eolas breithec. 806, 806
BásFrankfurt, 28 Lúnasa 876, 876
Áit adhlacthaAbbey and Altenmünster of Lorsch (en) Aistrigh
Muintir
AthairLughaidh Cráifeach
MáthairErmengarde of Hesbaye
Céile/CéilíHemma (en) Aistrigh  (827 (Ghréagóra) -
Páistí
Siblíní
TreibhRíshlocht na gCairilínseach
Gairm
Gairmmonarc

Ba gharmhac Shéarlas Mhóir é Lughaidh Gearmánach, (ar a dtugtar freisin Lughaidh IILughaidh an Bavárach), agus freisin ba é an tríú mac den Impire Lughaidh Cráifeach é agus a chéad bhean, Ermengarde.

Bronnadh an t-ainmniú 'Germanicus' air go gairid i ndiaidh a bháis toisc go raibh an chuid is mó dá chríoch suite san tsean Germania.

Ceapadh é ina Rí na Baváire sa bhliain 817, ag leanúint cleachtais Shéarlas Mhóir, ríocht áitiúil a bhronnadh ar bhall den teaghlach agus ansin bheadh an té a bhí nuacheaptha aige mar cheann dá chuid leifteanaint agus gobharnóirí áitiúla. Nuair a dheighil Lughaidh Cráifeach, athair s'aige, ag deireadh a réimis sa bhliain 843, cheap sé é ina Rí na Ríochta Oir-Fhrancach, réigiún a bhí suite ar dhá thaobh na hEilbe, ón Iútlainn anoir aneas tríd Thüringer Wald (Gaeilge: an Fhoraois Thúraingeach) isteach chun na Baváire mar atá inniu ann, ó Chonradh Verdun sa bhliain 843 go dtí lá a bháis.