Louis Cráifeach
Jump to navigation
Jump to search
| Louis Cráifeach Ludovicus Pius | |
|---|---|
| Rí na hAcatáine, Rí na bhFranc; Impire na Róimhe Naofa | |
| Louis Cráifeach, léiriú comhaimseartha ón bhliain 826 mar míle Christi (saighdiúir Chríost), agus dán le Rabanus Maurus forleagtha air. | |
| Réimeas | Rí na hAcatáine; 781–814; Rí na bhFranc; 814 – 840 Impire Naofa Rómhánach; 813–840 |
| Dáta breithe | 778 |
| Áit bhreithe | Cassinogilum |
| Dáta báis | 20 Meitheamh 840 |
| Áit bháis | Ingelheim |
| Réamhtheachtaí | Séarlas Mór (Charlemagne) |
| Comharba | Lothair I Lughaidh II Séarlas Maol |
| Rítheaghlach | Carolingeach |
| Céile | Ermengarde de Hesbaye Judith de Bavière |
Ba Rí na hAcatáine é Louis Cráifeach (778-20 Meitheamh 840), ar a dtugtar freisin Ludovicus Pius nó Louis le Pieux ón bhliain 781 ar aghaidh. Ba 'Rí na bhFranc' é freisin, agus comh-Impire (mar Louis I) mar aon lena athair Séarlas Mór (Charlemagne), ón bhliain 813. Ba é an t-aonú mac fásta amháin é a mhair de thoradh ar an phósadh idir Charlemagne agus Hildegard, agus mar sin ceapadh ina rialóir aonair ar na Francaigh é tar éis bás a hathar sa bhliain 814, post a bhí aige go dtí a bháis, ach amháin ar feadh na tréimhse 833-34, le linn dó bheith díshealbhaithe.