Anraí Foghlaera
Jump to navigation
Jump to search
Anraí I Anraí Foghlaera | |
---|---|
Anraí I, le héanadáin san fhoraois, ag fáil an choróin ríoga. ( péintéireacht de chuid Hermann Vogel, 1900). | |
Réimeas | 24 Bealtaine 919 – 2 Íúil 936 |
Dáta breithe | c. 876 |
Áit bhreithe | Memleben, An tSacsain-Anhalt |
Dáta báis | 2 Iúil 936 |
Áit bháis | Memleben |
Réamhtheachtaí | Conrad I |
Comharba | Otto I |
Rítheaghlach | Ottónach |
Céile | Hatheburg |
Diúc na Sacsaine ón bhliain 912 agus rí na Gearmáine ón bhliain 919 go dtí a bhás a bhí in Anraí Foghlaera (Gearmáinis: Heinrich der Finkler nó Heinrich der Vogler; Laidin: Henricius Auceps) .
B'é Anraí I a bhunaigh an Ríora Ottónach, meastar, go ginearálta, gurb é a chéad bhunaigh an stát meánaoiseach Gearmánach, ar a dtugtaí ag an am sin an Fhrancóin Thoir nó (Laidin:Regnum Francorum orientalium). Sealgaire díograiseach, fuair sé an leasainm "Anraí Foghlaera" toisc go raibh sé ag socrú líonta i gcomhair fiaigh nuair a tháinig teachtairí chuige lena chuir in iúl dó go mbeadh sé ina rí.