Otto I, Impire Naofa Rómhánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Otto I, Impire Naofa Rómhánach
Otto I Manuscriptum Mediolanense c 1200.jpg
Impire Naofa Rómhánach

Feabhra 2, 962 - Bealtaine 7, 973
Saol
Eolas breitheWallhausen, 23 Samhain 912
NáisiúntachtImpireacht Naofa Rómhánach
BásMemleben, 7 Bealtaine 973
Áit adhlacthaCathedral of Magdeburg (en) Aistrigh
Muintir
AthairAnraí Foghlaera
MáthairMatilda of Ringelheim
Céile/CéilíEadgyth (en) Aistrigh  (929 -  946)
Adelaide of Italy (en) Aistrigh  (951 (Ghréagóra) -
Páistí
Siblíní
Teaghlach
TreibhRíshliocht Ottonach
Oideachas
TeangachaAn Laidin
Gairm
Gairmrialtóir
Otto signum.png


Ba é Diúc na Sacsaine, Rí na Gearmáine, Rí na hIodáile, agus "an chéad cheann de na Gearmánaigh ar a dtugtaí impire na hIodáile", de réir Arnulfus Mediolanensis, é Otto IOtto Mór. Le linn do Shéarlas Mór a bheith ina impire, roinneadh a impireacht i measc a chuid garmhac, agus tar éis fheallmharú Berengar I de Friuli sa bhliain 924, d'fhan teideal na hImpire folamh le beagnach daichead bliain. Ar an 2 Feabhra 962, ceapadh Otto ina Impire ar chríocha a bheadh ainmnithe ​​ina dhiaidh sin an Impireacht Naofa Rómhánach.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Otto Eadgyth Shasana sa bhliain 929 agus tháinig sé i gcomharbacht ar a athair mar rí na Gearmáine ( ar a dtugtar go hoifigiúil fós an Fhrancóin Thoir) sa bhliain 936.

Shocraigh sé bheith choróinithe in Aachen, iar-phríomhchathair Shéarlais Mhóir, áit a raibh sé ungtha ag Hildebert ardeaspag Mainz, príomháidh eaglais na Gearmáine. Dar leis an staraí Sacsanach Widukind von Corvey, ghníomhaigh na cithre diúic eile de chuid na hImpireachta mar fhreastalaithe pearsanta air le linn a fhéasta corónaithe, iad siúd as Franconia, an tSuáiv, an Bhaváir agus an Lorráin,: Arnulf I na Baváire mar mharascal, Hermann I, Diúc na Suáive ag riaradh deochanna, Eberhard III (Franconia) mar seanascal (nó maor), agus Giselbert na Lorráine mar Seomairlíneach. Ó thús a fhlaithis d'fhógair sé gur chomharba Shéarlais Mhóir ab ea é, go raibh oidhrí deireanach Shéarlais sa Fhrancóin Thoir go léir marbh, agus go raibh eaglais na Gearmáine, lena easpaig agus abaí cumhachtacha, taobh thiar dó. Mar sin féin, bhí ríshliocht na gCairilínseach fós i gceannas ar Neustriaan Fhrancóin Thiar.