Limistéar an euro

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Limistéar an euro (1999/2002)
Limistéar an euro, 2023

Is críoch airgeadra í limistéar an euro a thugann le chéile tíortha an Aontais Eorpaigh a ghlac leis an eoró mar airgeadra coitianta. Cruthaíodh an chríoch i 1999 le aon tír déag, agus tugadh isteach an Ghréig i 2001 mar gur lean siadsan i bprionsabal na treoracha a leagadh amach i Maastricht de easnamh poiblí (a mheasann roinnt tíortha lasmuigh de chaiteachas mhíleata) teoranta ag 3 % de Tháirgeadh Imtíre Brutto agus fiacha poiblí nach sáraíonn 60 % de Táirgeadh Imtíre Brutto .

I mí Eanáir 2002, ba iad na 12 ballstáit ar chríoch an euro ná:

  1. an Bheilg,
  2. an Ghearmáin,
  3. an Ghréig,
  4. an Spáinn,
  5. an Fhrainc,
  6. Poblacht na hÉireann,
  7. an Iodáil,
  8. Lucsamburg,
  9. an Ísiltír,
  10. an Ostair,
  11. an Phortaingéil agus
  12. an Fhionlainn.

Cuir

  1. an tSlóivéin,
  2. Málta,
  3. an Chipir,
  4. an tSlóvaic,
  5. an Eastóin,
  6. an Laitvia,
  7. an Liotuáin agus
  8. an Chróitis isteach níos déanaí.

Chomh maith leo sin, tá ceithre "mhion-stát", atá ceangailte leis an gcríoch mar gheall ar chonraí airgidis lena gcomharsain:

  1. Andóra,
  2. Monacó,
  3. San Mairíne agus
  4. an Vatacáin.

Tá an scéal chéanna sa Chosaiv agus i Montainéagró, a bhaineann feidhm as an euro mar airgead dlistineach. Bhaineadh sí feidhm as Mark na Gearmáine roimhe sin mar airgeadra.

Tá cúpla tír san Aontas Eorpach nach mbaineann feidhm as an euro:

  • imeasc na stát a tháinig isteach san Aontas roimh 2004, tá an Danmhairg (ag a bhfuil cead leanúnach fanacht as, ach ag a bhfuil a cuid airgeadra ceangailte leis an euro le córas malartúcháin ar a dtugtar MCE II), an Ríocht Aontaithe (ag a bhfuil cead leanúnach fanacht as) agus an tSualainn (a d'fhógair go dtiocfadh sí isteach san aontas airgeadra i 2003, ach nach bhfuil cead leanúnach aici fanacht as agus a chaithfidh iarracht a dhéanamh na cuspóirí a shroichint sa téarma ghearr).
  • an 3 bhall nua san Aontas Eorpach, ag a bhfuil an chuid is mó ag iarraidh dul i gcríoch an euro chomh luath agus ar féidir leo é: an Ungáir, an Phoblacht Sheiceach, agus an Pholainn.

Is é treoir-cháin chríocha an euro, a shocraíonn Banc Ceannais na hEorpa, 3.25 %.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]