Conradh maidir le Comhshocrú Fioscach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh maidir le Comhshocrú Fioscach
Íomhá
Cineálconradh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAn Bhruiséil, An Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainmofficial languages of the European Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Ar 2 Márta 2012, shínigh ceannairí gach comhalta de limistéar an euro agus 8 mballstát eile den AE an Conradh um Chobhsaíocht, Comhordú agus Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (TSCG[1])[2] nó an 'Cobhsaíocht fhioscach' nó an Conradh maidir le Comhshocrú Fioscach. Reáchtáladh reifreann in Éirinn ar 31 Bealtaine 2012.[3] Tháinig an Conradh i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2013.

reifreann in Éirinn in 2012

Baill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar “an Conradh maidir le Comhshocrú Fioscach” nó “an Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach” go minic ar an gConradh.Baineann an Conradh go hiomlán leis na tíortha a dhaingnigh é agus arb é an euro an t-airgead a úsáideann siad. Baineann rialacha éagsúla leis na tíortha neamheuro.[4]

comhlíonadh lag sa bhliain 2012, agus níos measa ó shin

Conradh idir-rialtasach is ea an Conradh agus ní conradh AE é, ach is gá institiúidí an AE a úsáid chun é a chur i bhfeidhm. Ní dhéanann sé conarthaí reatha an AE a leasú. Cé nach bhfuil sé féin mar chuid de na conarthaí a rialaíonn an AE, cuirtear i bhfeidhm é agus baintear ciall as i gcomhréir le conarthaí an AE agus le dlí an AE.

Cuspóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé de chuspóir ag an Conradh disciplín fhioscach a threisiú i limistéar an euro trí riail chothromaithe bhuiséid agus trí mheicníocht uathoibríoch cheartaithe.[4]

Déileálann an Conradh le 3 phríomhcheist:

  • Cobhsaíocht fhioscach, is é sin, na rialacha ar leibhéil easnaimh agus fiachais an rialtais (tugtar “an Comhshocrú Fioscach” go minic ar na rialacha fioscacha sa Chonradh)
  • Comhordú geilleagrach san AE
  • Conas a rialaítear limistéar an euro

Tá rialacha sonracha AE ann cheana féin faoi na ceisteanna seo, go háirithe maidir le cobhsaíocht fhioscach. Luaitear cuid de na rialacha seo athuair sa Chonradh, agus déantar cuid díobh a atreisiú agus tugtar roinnt rialacha nua isteach.[4]

Níos déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an cuspóir atá ag na páirtithe leis an gConradh ná chun substaint an chonartha a chorprú isteach i gconarthaí an AE a luaithe is féidir. Ach tháinig an pholaitíocht agus na géarchéimeanna salach ar an gcuspóir seo Bhí comhlíonadh lag ann sa bhliain 2012, agus tá an comhlíonadh níos measa ó shin ar an mórgóir (go dtí 2023 ar aon nós) ach in aghaidh an tsrutha, bhí comhlíonadh a hoibleagáidí níos fearr in Éirinn.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Treaty on Stability, Coordination and Governance in the Economic and Monetary Union
  2. ecb.europa.eu (2014). "MAIN ELEMENTS OF THE FISCAL COMPACT". Dáta rochtana: 2023.
  3. "Thirtieth Amendment of the Constitution of Ireland" (as en) (2023-05-07). Wikipedia. 
  4. 4.0 4.1 4.2 citizensinformation.ie/ (2017-11-04). "An Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-04. Dáta rochtana: 2023-05-15.