Jump to content

Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaComhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann
Sonraí
Cineáleconomic research institute (en) Aistrigh
eagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodhIúil 2012
Gníomhaíocht
Ball deEU Independent Fiscal Institutions Network (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtSeamus Coffey (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinfiscalcouncil.ie Cuir in eagar ar Wikidata

X: IFAC_IE Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht reachtúil neamhspleách is ea Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann (CCBÉ)[1] a dhéanann measúnú ar réamhaisnéis eacnamaíochta an Rialtais agus ar dhearcadh an Rialtais ar chúrsaí airgeadais.

suite ag Cearnóg Whitaker, Cé Sir John Rogerson, BÁC 2

Bunaíodh an CCBÉ ar 27 Samhain 2012 ar bhonn reachtúil, nuair a achtaíodh an tAcht um Fhreagracht Bhuiséadach, 2012.[2]

Deir réamhrá an Achta an méid seo a leanas;

'Acht do dhéanamh socrú chun a áirithiú go ngabhfaidh éifeacht i ndlí an stáit leis na rialacha in airteagal 3 den chonradh ar chobhsaíocht, ar chomhordú agus ar rialachas san aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta de réir mhír 2 den airteagal sin agus go ngabhfaidh éifeacht sa stát leis an riail in airteagal 4 den chonradh sin;

do dhéanamh socrú de réir airteagal 3 den chonradh sin i ndáil le cuspóir buiséadach meántéarmach agus le sásra ceartúcháin;

do bhunú comhlachta ar a dtabharfar comhairle chomhairleach bhuiséadach na hÉireann nó, sa Bhéarla, the Irish Fiscal Ddvisory Council agus do dhéanamh socrú i dtaobh a feidhmeanna; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.'

Bliain i ndiaidh bliana sna 2010idí, thug an Chomhairle le fios gurbh ábhar buartha é an méadú ar chaiteachas don mbliain a bhí fógartha sa gcáinaisnéis.[3] [4] [5] [6] [7] [8]

Thug an Chomhairle foláireamh in 2026: "Neamhchinnteacht shuntasach ag baint leis na brabúis a dhéanfaidh Apple agus Microsoft san am le teacht'. Mheas an CCBÉ go raibh trí chomhlacht ilnáisiúnta ag íoc 46% den cháin chorparáideach ar fad a bhailigh an Stát in 2025. [9]

I measc na baill sa bhliain 2018, bhí Séamus Coffey, Ollamh le heacnamaíocht i gCorcaigh; Sebastian Barnes, ón OECD agus iar-oibrí le Banc Shasana; Íde Kearney, ard-eacnamaí i mBanc Ceannais na hÍsiltíre; Michael Tutty ó Bhanc Infheistíochta na hEorpa; agus Martina Lawless ón ESRI.

Bhí Alan Barrett ina chomhalta den Chomhairle ó 2011 go 2015. Bhí John McHale ina Chathaoirleach air.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann; Béarla; Irish Fiscal Advisory Council
  2. AN tACHT UM FHREAGRACHT BHUISÉADACH, 2012
  3. Seán Ó hÉalaí (2015). "Toghchán ar ceant" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-11-27.
  4. RnaG (2019). "Kevin Timoney, An Chomhairle Fhioscach, & tuarascáil foilsithe; imní faoi chaiteachas imithe ó smacht.". Dáta rochtana: 2021.
  5. CATHAL MAC COILLE (2016). "Cibé rogha a dhéanfar, beidh ar dhuine éigin íoc as…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-27.
  6. Nuacht RTÉ (2017-11-28). ""Bail mhaith" ar chistí poiblí, dar leis an gComhairle Fhioscach" (as ga).
  7. Nuacht RTÉ (2015-10-14). "Buiséad cáinte ag Comhairle Fhioscach" (as ga).
  8. Nuacht RTÉ (2018-11-30). "Aire Airgeadais sásta glacadh le rabhadh ón gComhairle Fhioscach" (as ga).
  9. Nuacht RTÉ (2026-02-19). "'Trí chomhlacht ag íoc 46% de cháin chorparáideach an Stáit'" (as ga).