Lá Taraimsithe an Domhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Taraimsithe an Domhain
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cineállá feasachta Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2 Lúnasa 2023
28 Iúil 2022
29 Iúil 2021
22 Lúnasa 2020
29 Iúil 2019
1 Lúnasa 2018
2 Lúnasa 2017
8 Lúnasa 2016 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinovershootday.org Cuir in eagar ar Wikidata


Tarlaíonn Lá Taraimsithe an Domhain (LTD)[1] lá amháin sa bhliain, an lá nuair is ionann tomhailt acmhainní éiceolaíochta na cine daonna an bhliain sin agus an méid a fhéadann an nádúr a dhéanamh i gcaitheamh 12 mhíosa.[2] I bhfocail eile, is é an lá a n-ídíonn 'ár bpáphaicéad' agus a dtosaímid ag fáil iasachta ón bpláinéad.

Coincheap[cuir in eagar | athraigh foinse]

LTD níos túisce i mbliana (seachas 2020)... ar 28 Iúil sa bhliain 2022, nó taifead nua

Is é Gréasán Domhanda an Lorg Éiceolaíochta,[3] institiúid idirnáisiúnta taighde, a tháinig ar an dáta úd trí na laethanta sa bhliain nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Domhan freastal ar lorg éiceolaíoch an chine dhaonna a chuntas.[4]

Tagann an Gréasán ar dháta LTD trí bhithacmhainn[5] an phláinéid a roinnt ar lorg éiceolaíoch an chine dhaonna agus an freagra úd a iolrú faoi 365.[6]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh taraimsiú an bhuiséad acmhainní a thomhas den chéad uair sa bhliain 2006.

taraimsiú de ëeir tíre & líon na laetha, 2021,

Is i mí Dheireadh Fómhair a thit Lá an Taraimsithe sa bhliain 2006. Ba ar an 13 Lúnasa a thit Lá an Taraimsithe sa bhliain 2015, rud a léiríonn go raibh cúrsaí imithe in olcas in achar an-ghairid, 2006-2015.

Tháinig feabhas ar an scéal sa bhliain 2020 (mar gheall ar Covid). Ach sa bhliain 2022, thit an LTD ar 28 Iúil, taifead nua.

An scéal sa bhliain 2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ráiteas a d’fhógair an Gréasán sa bhliain 2022,[7] dúradh go n-éilíonn daoine 68% níos mó acmhainní nádúrtha ón phláinéad ná mar a bhfuil sé de chumas aige athnuachan a dhéanamh orthu.[8] Bunaithe ar an dóigh a bhfuil muid ag maireachtáil anois, bheadh 1.9 Domhan de dhíth orainn chun a bheith inmharthana.

Dá mbeadh tíortha uile an Domhain ag maireachtáil mar atá muintir SAM, bheadh 5.1 Domhan ag teastáil uainn. Dá mbeadh an domhan uilig chomh beadaí ó thaobh tomhaltais agus atá Meiriceánaigh bheadh ár gcuid ídithe againn roimh Lá Fhéile Pádraig, an 13 Márta.

Táirgeadh bia an tionscal is déine ar acmhainn na cruinne agus ídíonn sé sin 55% d’acmhainn éiceolaíochta na cruinne.[9]

Úsáidtear 63% de thalamh curaíochta na hEorpa le stoc[10] a thógáil leis an duine a bheathú. Tá an earnáil sin dian ar an gcóras éiceolaíochta mar leagtar crainnte, scriostar an bhithéagsúlacht, cuirtear le gásanna ceaptha teasa agus ídítear cuid mhór uisce.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Earth Overshoot Day
  2. An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (European Environment Agency) (21 Iúil 2011). "Tomhaltas neamh-inbhuanaithe" (as ga). 
  3. Global Footprint Network
  4. NÓS (2016). "Acmhainní nádúrtha 2016 caite Lá Taraimsithe an Domhain linn" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  5. "Biocapacity" (as en) (2022-06-12). Wikipedia. 
  6. nó 366 i mbliain bhisigh
  7. "2022 How the Date of Earth Overshoot Day Was Calculated" (en-US). Earth Overshoot Day. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  8. Deutsche Welle (www.dw.com). "Earth Overshoot Day 2022: Humanity has already used its resources for the year | DW | 28.07.2022" (en-GB). DW.COM. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  9. Máire Ní Fhinneadha (28 Iúil 2022). "Ón lá inniu tá min, fataí agus seaimpéin na bliana seo chugainn á n-ídiú againn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-28.
  10. nó beostoc, eallach mairteola an chuid is mó