Acmhainní inathnuaite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Feirm ghaoithe sa Spáinn

Acmhainní le torthaí inmharthanacha is féidir a úsáid gan baol a n-ídithe. Samplaí is ea cumhacht na Gréine, fuinneamh na gaoithe is cumhacht hidrileictreach, gach ceann acu ag teacht ó radaíocht na Gréine go bunúsach. Bíonn acmhainní áirithe in-athnuaite sa bhfadtéarma, cosúil le barra, adhmad is éisc, ach is gá bainistíocht chúramach chuige sin chun nach bhforshaothrófar iad trí róbhearradh, ró-iníor nó ró-iascaireacht, nó nach mbainfear mí-úsáid astu sa ghearrtéarma.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Acmhainní inathnuaite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 9.