Lá Domhanda Raidió

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comóradh idirnáisiúnta ar mheán an raidió is é "Lá Domhanda Raidió, urraithe ag UNESCO, ar an 13 Feabhra gach bliain. Déanann daoine ar fud na cruinne ceiliúradh ar an raidió mar mheán chumarsáide.

Sa bhliain 2015, chuir Rónán Mac Aodha Bhuí a chlár ‘Rónán Beo’ i láthair i stiúideo Raidió Fáilte: comhchraoladh a bhí sa chlár agus bhí Raidió Fáilte, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus Near FM páirteach sa chraoladh stairiúil seo[1].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]