José Raúl Capablanca
Ainm sa teanga dhúchais | (es) José Raúl Capablanca y Graupera |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 19 Samhain 1888 La Habana (Impireacht na Spáinne) |
Bás | 8 Márta 1942 53 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Rith fola ceirbreach) |
Áit adhlactha | Reilig Colón |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Columbia Fu Foundation School of Engineering and Applied Science (en) |
Teanga dhúchais | an Spáinnis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ficheall agus taidhleoireacht |
Gairm | imreoir fichille, scríbhneoir neamhfhicsin, taidhleoir |
Teangacha | An Spáinnis, an Chatalóinis, Béarla agus an Rúisis |
Tír spóirt | Cúba |
Spórt | ficheall |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1939 | 8ú hOilimpiad na Fichille |
Teaghlach | |
Céile | Gloria Simoni Betancourt Olga Capablanca |
Gradam a fuarthas | |
Imreoir fichille Cúbach ab ea José Raúl Capablanca y Graupera (19 Samhain 1888 – 8 Márta 1942) a bhí ina churadh domhanda ó 1921 go 1927. Ba pháiste éachtach é, agus bhain sé cáil mhór amach as a scil iontach sa chor deiridh agus as a himirt sciobtha. Rugadh Capablanca sa bhliain 1888 i Castillo del Príncipe, La Habana. Bhuail sé curaidh Chúba Juan Corzo i gcluiche ar 1901, dhá lá roimh a 13ú breithlá.[1] Mar gheall ar a bhua ar Frank Marshall i gcluiche i 1909 fuair sé cuireadh chuig comórtas San Sebastian 1911, a bhuaigh sé chun tosaigh ar imreoirí leithéidí Akiba Rubinstein, Aron Nimzowitsch agus Siegbert Tarrasch. Sna blianta ina dhiaidh sin, bhí sraith buanna ag Capablanca agus rinne sé iarrachtaí cluiche a shocrú le curaidh an domhain Emanuel Lasker i gcaitheamh deich mbliana. Nuair a thárlaigh an cluiche faoi dheireadh, bhuaigh Capablanca an teideal curadh domhain fichille i 1921. Níor chaill sé cluiche fichille ó 10 Feabhra 1916 go 21 Márta 1924.
Chaill Capablanca an teideal i 1927 in aghaidh Alexander Alekhine, nach raibh bua ar bith bainte amach aige in aghaidh Capablanca roimh ré. Tar éis go leor iarrachtaí gan rath athimirt a shocrú ar feadh na mblianta fada, d’éirigh an caidreamh eatarthu nimhneach. Lean Capablanca le bheith rathúil sa chomórtais sa tréimhse seo ach tharraing sé siar ó fhichille dáiríre sna 1930idí. Thosaigh sé fulaingt le fadhbanna sláinte sa tréimhse seo, le brú fola ard agus fuair sé bás i 1942 de rith fola ceirbreach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Miguel A. Sánchez (2015). "Jose Raul Capablanca: A Chess Biography": l. 77. ISSN 9781476614991.