John Ambrose Fleming

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Ambrose Fleming

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Samhain 1849
Lancaster, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Aibreán 1945
95 bliana d'aois
Sidmouth, England Cuir in eagar ar Wikidata
President of the Royal Television Society (en) Aistrigh
1928 – 1945 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity College London
Ollscoil Naomh Eoin
Lancaster Royal Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaFrederick Guthrie
Gníomhaíocht
Réimse oibreInnealtóireacht leictreach, Dé-óid, diode (en) Aistrigh, valve amplifier (en) Aistrigh, electric power converter (en) Aistrigh, mótar leictreach, Trasfhoirmeoir, radaiteileagrafaíocht, radaiteileafónaíocht, stair na teicneolaíochta, radio-frequency engineering (en) Aistrigh agus fisic
Gairmcumadóir, múinteoir ollscoile, fisiceoir, innealtóir leictreach Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirUniversity College London
Ollscoil Nottingham Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidCharles Darwin
TeangachaBéarla
Eile
Teideal uasalRidire Baitsiléra Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 21268 Cuir in eagar ar Wikidata

Fisicí a saolaíodh i Lancaster Shasana ab ea John Ambrose Fleming (29 Samhain 1849 - 18 Aibreán 1945). D'fhionn sé an feadán teirmianach, gléas bunúsach sa leictreonaic. Ceannródaí in úsáid an leictreachais i gcomhair soilsithe is téimh ar scála forleathan. Leag sé amach rialacha Fleming. I riail na deasóige (riail an ghineadóra) a thagann i bhfeidhm i ngineadóir leictreach, baintear úsáid as an lámh dheas leis an ordóg, an chéad mhéar is an dara méar sínte amach ag dronuillinneacha le chéile: léiríonn an ordóg treo gluaiseachta na sreinge, an chéad mhéar treo an réimse mhaighnéadaigh, is an dara méar treo an tsrutha ionduchtaithe sa tsreang. I riail na ciotóige (riail an mhótair) a bhaineann le mótar leictreach is callaire, baintear úsáid as an lámh chlé leis an ordóg, an chéad mhéar is an dara méar sínte amach ag dronuillinneacha le chéile: léiríonn an ordóg treo gluaiseachta na sreinge, an chéad mhéar treo an réimse mhaighnéadaigh, an dara méar treo an tsrutha a ritear sa tsreang, agus ansin léiríonn an ordóg treo an fhórsa ar an tsreang freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "John Ambrose Fleming". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 276.