Feadán teirmianach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Feadáin theirmianacha

Feiste leictreonach, ar feadán folúsach é, le dhá leictreoid nó níos mó lenar féidir an sruth leictreon tríd a stiúradh. Bíonn an chatóid ann téite, ionas go n-astaíonn sí leictreoin trí phróiseas a dtugtar astaíocht theirmianach air. Bíonn anóid ann a bhíonn dearfach i leith na catóide, ionas go n-aomann sí leictreoin uaithi, agus stiúrtar an sruth seo le leictreoidí eile idir an chatóid is an anóid, iad ag voltais stiúrtha éagsúla. Tugtar greillí rialaithe ar na leictreoidí seo. Is é an ceann is simplí, le dhá leictreoid, an dé-óid, a úsáidtear i gciorcaid coigeartóra. D'úsáidtí feadáin theirmianacha i ngach saghas ciorcaid leictreonaigh, ach faoi seo tá a n-ionad gafa ag feistí leathsheoltóra, cosúil leis an trasraitheoir.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feadán teirmianach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 257.