Johannes Brahms
Appearance
Cumadóir ceoil a rugadh i Hamburg na Gearmáine ab ea Johannes Brahms (7 Bealtaine 1833 – 3 Aibreán 1897). D'oibrigh sé i Vín ó 1853 ar aghaidh.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]I measc a shárshaothar tá 4 shiansa, dhá choinséartó pianó, coinséartó veidhlín, cuid mhaith ceol seomra is pianó, agus cuid mhaith amhrán[1]. Is é an saothar córúil is cáiliúla léis Ein deutsches Requiem (Éagnairc Ghearmánach, 1869).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foirfeoir ceart a bhí ann: Chuir sé cuid mhaith dá luathshaothar ó fháil.[2]
Tháinig ailse ae air agus d’éag 1897 i Vín (an Ostair-Ungáir ag an am), in aois 63 dó.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ cogg.ie. "Seo amhrán bunaithe ar amhrán tíre ón nGearmáin a chóirigh Brahms i stíl an amhráin ealaíne. Lch 8ː Aistriúchán Gaeilge ar an leagan Gearmáinise, an "Sandmännchen" (Sandman)". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Alex Needham (2012), Brahms piano piece to get its premiere 159 years after its creation The Guardian
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Johannes Brahms". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 87.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |