Jessica Alba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJessica Alba

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Jessica Marie Alba
28 Aibreán 1981
42 bliana d'aois
Pomona, California, California Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAtlantic Theater Company (en) Aistrigh - aisteoireacht
Ardscoil Claremont (–1987)
American School of Correspondence (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheLos Angeles
Teanga dhúchaisBéarla
Meáchan128 lb
Airde67 in Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileDúdhonn
Dathán gruaigeGruaig chiardhonn
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir teilifíse, mainicín, aisteoir stáitse, duine den lucht gnó, aisteoir scannáin, aisteoir gutha Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1994 –
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Glanfhiúchas200 M$ Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileCash Garner Warren (2008–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMichael Weatherly (–2003) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHonor Warren
 ( Cash Garner Warren)
Haven Warren
 ( Cash Garner Warren)
Hayes Warren
 ( Cash Garner Warren) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0004695 Allocine: 29331 Rottentomatoes: celebrity/jessica_alba Allmovie: p268078 TCM: 369508 Metacritic: person/jessica-alba TV.com: people/jessica-alba AFI: 232997
Facebook: JessicaAlba Twitter: jessicaalba Instagram: jessicaalba LinkedIn: jessica-alba Snapchat: jessicamalbe Youtube: UCxBoeUj2PtzcOx_C2ayEEPg TikTok: jessicaalba iTunes: 271980756 Musicbrainz: 712fb565-0956-4467-af8d-e97a0b29151c Cuir in eagar ar Wikidata

Is aisteoir teilifíse agus scannán agus mainicín Meiriceánach í Jessica Marie Alba (rugadh 28 Aibreán, 1981). Bhunaigh sí The Honest Company sa bhliain 2011.[1][2]

Ina dhiaidh sin, bhí páirt ag Alba i roinnt scannán, lena n-áirítear Honey (2003), Sin City (2005) agus Good Luck Chuck (2007).[3] Tá roinnt dámhachtainí buaite aici as a cuid aisteoireachta. I measc na ndámhachtainí seo tá an dámhachtain “Choice Actor” ag an Teen Choice Award agus an Saturn Award. Bhain sí an dá ghradam seo as a cuid aisteoireachta sa tsraith Dark Angel.

Bhí sí liostaithe sa rannóg "Hot 100" de Maxim gach bliain ó 2003 go 2007,[4][5][6][7] agus vótáil FHM í World's Sexiest Woman (an Bhean is-Gnéasúil sa Domhan) sa bhliain 2007.[8] I Mí Márta 2007, d'úsáideadh pictiúr di ar chlúdach Playboy gan cead an aisteora. Níos déanaí, mar thoradh air sin, tionscnaíodh cás dlí idir Jessica agus Playboy.[9]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Alba i Pomona, California. De shíolrach Danmhairgach, Éireannach, Albanach, Sasanach, Breatnach, Gearmánach agus Ceanadach-Francach a máthair, Catherine. Is Meicsiceach-Meiriceánach é a hathair, Mark, de shíolrach Giúdach-Seafardach , Spáinneach agus Máigeach.[10][11] Tá deartháir níos óige aici darb ainm Joshua. Bhí athair Alba san Aerfhórsa agus mar thoradh ar a ghairm bheatha bhí cónaí orthu i go leor áiteanna éagsúla, i mBiloxi, Mississippi agus Del Rio, Texas, sular fhill siad ar Chalifornia nuair a bhí sí naoi mbliana d'aois.[12] Bhí drochshláinte aici nuair a bhí sí óg. , Bhí scamhóga leathshleabhctha aici, bhí niúmóine uirthi ceithre nó cúig huaire sa bhliain agus bhí fadhbanna aici le haipindic réabtha agus cist chéislíneach.[13] Chuir Alba in iúl go raibh neamhord éigníoch dúghafach uirthi nuair a bhí sí óg.[14][15] Bhí an plúchadh uirthi freisin ó bhí sí ina leanbh. De réir a chéile, bheadh Alba scoite amach ó leanaí eile ar scoil, toisc go raibh sí san ospidéal chomh minic sin. Mar gheall ar a tinnis, ní raibh aithne mhaith ag aon duine uirthi chun cairdeas a dhéanamh léi. Dúirt sí gur chuidigh gluaiseacht rialta a teaghlaigh lena leithlisiú óna comhghleacaithe. D'imigh sí ar aghaidh ón Ardscoil Claremont ag aois 16, agus d’fhreastail sí ar an Atlantic Theatre Company ina dhiaidh sin.[16]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alba sa bhliain 2007

Bhí Alba ag iarraidh aisteoireacht ó bhí sí cúig bliana d’aois. Thóg sí a céad rang aisteoireachta nuair a bhí sí 12. Shínigh gníomhaire aisteoireachta í naoi mí ina dhiaidh sin.[17][18] Bhí a céad ról scannáin i Camp Nowhere sa bhliain 1994. Ar dtús, níor fostaíodh í ach ar feadh coicíse, ach d'oibrigh sí ar feadh dhá mhí nuair d'éirigh aisteoir eile as.[19]

Bhí páirt ag Alba in dhá fógraíochtaí náisiúnta nuair a bhí sí ina leanbh. Bhí ceann acu seo ar son Nintendo agus an ceann eile do JC Penney. Bhí ról Jessica aici i dtrí eipeasóid den tsraith grinn Nickelodeon The Secret World of Alex Mack.[16] Bhí an ról de Maya sa tsraith theilifíse Flipper ag Alba.<ref">"Jessica Alba Goes To 'Sin City'". CBS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-02. Dáta rochtana: 2023-09-12.</ref> Ba gharda tarrthála í a máthair, agus mhúin sí do Jessica snámh sula bhféadfadh sí siúl. Is tumadóir scúba deimhnithe í.[20]

Sa bhliain 1998, bhí páirt aici i Brooklyn South, in dhá eipeasóid de Beverly Hills, 90210 agus in eipeasóid de The Love Boat: The Next Wave.[21] Tar éis bhain Alba céim ardscoil amach, rinne sí staidéar ar aisteoireacht le William H. Macy agus a bhean, Felicity Huffman, ag an Atlantic Theatre Company.[16]

D'éirigh sí níos cáiliúla i Hollywood tar éis a páirt le Drew Barrymore greann rómánsúil Never Been Kissed sa bhliain 1999, agus a príomhról sa scannán grinn-uafás 1999 Idle Hands.[22] Roghnaíodh í as grúpa 1,200 aisteoir don ról an tsaighdiúra géin-innealtóireachta ar an tsraith theilifíse ficsean eolaíochta FOX, Dark Angel. Bhí an tsraith ar siúl ar feadh dhá shéasúr ó 2000 go 2002. Moladh Alba do Golden Globe as a cuid oibre ar an tsraith sin.[23] Nuair a bhí sí ag traenáil le bheith in Dark Angel, bhí uirthi lán aclaíocht a dhéanamh, agus thug sí go leor ocras di féin. Dúirt sí “Bíonn neamhoird itheacháin ar a lán cailíní, agus mise freisin. D'éirigh mé dúghafa leis." Bhí neamhord éigníoch dúghafach agus taomanna scaoill uirthi freisin. Dúirt sí go bhfuil sí ag cócaireacht di féin ó dhá bhliain déag d’aois, ionas nach n-éireodh sí chomh ramhar le duine den teaghlach.[24]

Tá cuid de na róil scannáin is cáiliúla ag Alba mar rinceoir i Sin City, agus mar Sue Storm, sna Fantastic Four, an Bhean Dofheicte Marvel Comics. Bhí páirt aici freisin in Into the Blue sa bhliain 2005, agus i Good Luck Chuck cúpla bliain ina dhiaidh sin.[25] Sa bhliain 2008, d’imir Alba a céad ról scannán uafáis in The Eye, athleagan de scannán Hong Cong.[11] Mí Feabhra, cuir sí searmanas Academy of Motion Picture Arts and Sciences i láthair.[26] Níos déanaí sa bhliain, bhí páirt aici sa Love Guru.

Bhí Alba i gcúig scannáin sa bhliain 2010, Little Fockers agus The Killer Inside Me san áireamh. An bhliain dár gcionn, bhí sí i Spy Kids 4.

Íomhá phoiblí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alba

Sa bhliain 2007, liostáil Maxim Magazine Alba mar uimhir 2 ina "Top 100", taobh thíos de Lindsay Lohan.[27] Bhí sí ar chlúdach na hirise GQ mí Mheithimh 2007.[28] Mí na Bealtaine, tar éis ocht milliún vóta, dúirt FHM (eagráin na Ríocht Aontaithe agus Stáit Aontaithe Mheiriceá) gurbh ise an “Bean Is Gnéasúil sa Domhan, 2007”.[8] Fuair sí Teen Choice Award mar Aisteoir Rogha agus Gradam Satarn don Aisteoir Is Fearr (Teilifís) as a ról in Dark Angel, agus ainmniúchán Golden Globe. Sa bhliain 2006, fuair sí Gradam Scannán MTV as "Léiriú Is Gnéasúil" do Sin City.[29]

Dúirt daoine áirithe go raibh aisteoireacht Alba go dona. Ainmníodh í le haghaidh Gradam Razzie 2007 don Aisteoir Is Measa as a cuid oibre in Awake, Good Luck Chuck, agus Fantastic Four: Rise of the Silver Surfer.[30]

Ar chlúdach eagrán mhí Márta 2006, dúradh san iris Playboy go raibh Alba i measc na "25 Duine Cáiliúla is Gnéasúil" agus “Réalta Gnéis na Bliana”. Chuir sí an dlí ar Playboy as pictiúr di a úsáid gan a cead. Mar sin féin, d'éirígh sí as an gcás dlí ina dhiaidh sin, nuair a fuair sí leithscéal pearsanta ó úinéir Playboy, Hugh Hefner. D'aontaigh sé síntiúis a thabhairt do dhá charthanas a dtacaíonn Alba leo.[9]

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alba ag an gcéad taibhiú do The Eye i 2008

Mar Chaitliceach Rómhánach a tógadh Alba.[10] Nuair a bhí sí ina déagóir, d'iompaigh sí ina Críostaí Athbheirthe.[31] D’fhág sí an eaglais tar éis ceithre bliana mar shíl sí gur rinneadh breithiúnas uirthi ar an cuma a bhí uirthi. Dúirt sí go gcreideann sí fós i nDia cé nach ball den eaglais í.[32]

Ní raibh Alba ar an scáileán nocht riamh. Thug stiúrthóirí an scannáin, Frank Miller agus Robert Rodriguez, an rogha di a bheith nocht i Sin City. Dhiúltaigh sí, ag rá, "Ní dhéanaim an nochtacht. Ní féidir liom. B’fhéidir go fágann sé sin droch-aisteoir dom. B’fhéidir nach bhfostófar mé i roinnt rudaí. Ach tá an iomarca imní orm".[33]

Thosaigh Alba cumann le ball eile den fhoireann aisteoirí, Dark Angel, Michael Weatherly, agus iad ag scannánaíocht. Údar chonspóid a bhí sé seo, toisc go raibh sé 13 bhliain níos sine ná í. D'iarr sé uirthi é a phósadh ar a fichiú breithlá, ach bhris siad suas tar éis ceithre bliana le chéile.[34][11] Faoi ceist leanaí, dúirt sí, "Táim an-ghirseach maidir le páistí. Bíodh leanaí i mo timpeall mo shaol ar fad mar is mise an ceann is sine as 15 col ceathrar – tá mé ag athrú (clúidíní) ó bhí mé sé bliana d’aois... Ba mhaith liom cúpla a bheith agam, cinnte."[35]

Is Daonlathach í Alba agus d’fhreastail sí ar Choinbhinsiún Náisiúnta Daonlathach 2012 chun a tacaíocht a thabhairt d’atoghadh an t-Uachtaráin Obama.[36]

Phós Alba Cash Warren, mac an aisteoirí Michael Warren, an 19 Bealtaine, 2008 i Los Angeles, California.[37] Bhuail sí leis agus í ag déanamh The Fantastic Four sa bhliain 2004.[38] An 7 Meitheamh 2008, saolaíodh chailín leanbh darb ainm Honor Marie Warren di.[39] An 13 Lúnasa, 2011, rugadh a dara hiníon, Haven Garner Warren, di. An 31 Nollaig 2017, rug a céad mhac, Hayes Alba Warren, di.

Déanann sí roinnt obair charthanachta freisin[40], leis an carthanas éadaí Clothes Off Our Back agus an carthanas ban Step Up Women's Network san áireamh.[41][42]

Scannánaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannáin
Bliain Teideal Ról Nótaí
1994 Camp Nowhere Gail Faoi ainm Jessica Marie Alba
1995 Venus Rising Eve Óg
1999 Never Been Kissed Kirsten Liosis
Idle Hands Molly
P.U.N.K.S. Samantha Swoboda
2000 Paranoid Chloe
2003 The Sleeping Dictionary Selima 'DVD Exclusive Award' don Aisteoir Is Fearr i scannán díreach go DVD
Honey Honey Daniels Ainmniúchán don Teen Choice Awar don póg agus splanc is fearr (le Mekhi Phifer)
Ainmniúchán don Teen Choice Award don réalta thar oíche scannán – bean
Ainmniúchán don Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i drámaíochta nó eachtraíochta
2005 Sin City Nancy Callahan Ainmniúchán don Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i drámaíochta nó eachtraíochta
Ainmniúchán don Gradam Satarn don ban-aisteoir tánaisteach is fearr
MTV Movie Award don Léiriú Is Gnéasúil
Ainmniúchán don Gradam ALMA don ban-aisteoir tánaisteach
Ainmniúchán don Critics Choice Award foireann aisteoireacht is fearr
Fantastic Four Sue Storm/Invisible Woman Ainmniúchán don Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i scannán i drámaíochta nó eachtraíochta
Scream Award don Sárlaoch Is Gnéasúil
Ainmniúchán – Gradam Imagen don ban-aisteoir is fearr
Ainmniúchán – MTV Movie Award don foireann nó laoch is fearr sa scannán
Ainmniúchán – Gradam Blimp don ban-aisteoir is fearr i scannán
Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa
Into the Blue Sam Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa
2007 The Ten Liz Anne Blazer
Fantastic Four: Rise of the Silver Surfer Sue Richards/Invisible Woman Gradam Blimp don ban-gaiscíoch is fearr i scannán
Ainmniúchán don Teen Choice Award don Choice Movie: Action Adventure & Hissy Fit
Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa & Screen Couple
Good Luck Chuck Cam Wexler Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa & Screen Couple
Awake Sam Lockwood Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa & Screen Couple
Meet Bill Lucy
2008 The Eye Sydney Wells Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa
Teen Choice Award don ban-aisteoir is fearr i scannán: uafás/scéinséir
The Love Guru Jane Bullard Ainmniúchán – Gradam Razzie don ban-aisteoir is measa
2010 The Killer Inside Me Joyce Lakeland Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa
Valentine's Day Morely Clarkson Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa
Machete Special Agent Sartana Rivera Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa
An Invisible Sign Mona Gray
Little Fockers Andi Garcia Gradam Razzie don ban-aisteoir tánaisteach is measa
2011 Spy Kids 4: All the Time in the World Marissa Cortez Wilson Ainmniúchán – Gradam Blimp don 'Favorite Butt Kicker'
2013 A.C.O.D. Michelle
Escape from Planet Earth Lena Thackleman Guth
Machete Kills Special Agent Sartana Rivera nach luaitear sna creidiúintí
2014 How to Make Love Like an Englishman Kate
Dear Eleanor Daisy
Stretch
Barely Lethal Victoria Knox
Sin City: A Dame to Die For Nancy Callahan
2015 The Veil Maggie Price
The Wright Girls
Teilifís
Bliain Teideal Ról Nótaí
1994 The Secret World of Alex Mack Jessica 3 eagráin
1995–98 Flipper Maya Graham 27 eagráin.
Ainmniúchán – Young Star Award don léiriú is fearr ó ban-aisteoir óg i gclár i rith an lae
1996 Chicago Hope Florie Hernandez Eagrán: Sexual Perversity in Chicago Hope
ABC After School Specials Christy Eagrán: Too Soon for Jeff
1998 Brooklyn South Melissa Hauer Eagrán: Exploring Johnson
Beverly Hills, 90210 Leanne 2 eagráin
The Love Boat: The Next Wave Layla Eagrán: Remember?
2000–02 Dark Angel Max Guevara 52 eagráin
Teen Choice Awards don ban-aisteoir is fearr ar teilifís
Ainmniúchán don Gradam ALMA don ban-aisteoir thar barr i sraith theilifíse sean ⁊ nua
Gradam Saturn don ban-aisteoir is fearr ar teilifís
Ainmniúchán – Gradam Saturn don ban-aisteoir is fearr i sraith theilifíse
Ainmniúchán – Gradam Golden Globe don Léiriú is fearr ó ban-aisteoir i sraith nua – drámaíochta
Ainmniúchán – Young Artist Award don léiriú is fearr i sraith theilifíse drámaíochta – ban-príomhaisteoir óg
TV Guide Award don réalta thar oíche na bliana
Ainmniúchán – TV Guide Award don ban-aisteoir na bliana i sraith nua
Ainmniúchán- Gradam Blimp don ban-gaiscíoch is fearr
2003 MADtv Jessica Simpson Eagrán: #9.5
Rock Me, Baby í féin
2009 The Office Sophie Eagrán: Stress Relief
Ainmniúchán – Gradam ALMA don ban-aisteoir ar teilifís – sraith ghrinn
2010 Saturday Night Live Girlfriend Eagrán: Jeff Bridges/Eminem agus Lil Wayne
2014 The Spoils of Babylon Dixie Melonworth Mionsraith
4 eagráin

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Honest Co. on growing sales to $350m during a crisis" (en). Vogue Business Talent. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-18. Dáta rochtana: 2020-10-14.
  2. "How Jessica Alba Built a Billion-Dollar Business Empire" (en-us). Vanity Fair.
  3. "Look at Me".
  4. "'Maxim' Top 100 Hot list 2004". USA Today.
  5. "MAXIM MAGAZINE Unveils Their ``Hot 100 for 2005; Eva Longoria Crowned #1 This Year". Business Wire. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 Bealtaine 2012. Dáta rochtana: 27 Meán Fómhair 2022.
  6. "2006 Hot 100". Maxim. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-03-03. Dáta rochtana: 2020-10-14.
  7. "2007 Hot 100". Maxim. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-05. Dáta rochtana: 2023-09-12.
  8. 8.0 8.1 "It's Jessica". FHM. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-05-04. Dáta rochtana: 2020-10-14.
  9. 9.0 9.1 "Playboy Apologizes to Jessica Alba". People. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-03-06. Dáta rochtana: 2020-10-14.
  10. 10.0 10.1 "Jessica Alba: Don't Call Me A Latina!!". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-05. Dáta rochtana: 2023-09-12.
  11. 11.0 11.1 11.2 "Jessica Alba: getting serious". The Belfast Telegraph.
  12. "People.com: Jessica Alba". People. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-17. Dáta rochtana: 2020-10-14.
  13. "{{{title}}}" (October 3, 2005). OK! magazine: pp.34–39. Dáta rochtana: 12 Nollaig 2007. 
  14. "My Obsession" (Reprint from Sunday Telegraph). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-05-26. Dáta rochtana: 2022-09-27.
  15. Interview on The Tonight Show with Jay Leno; September 26, 2005
  16. 16.0 16.1 16.2 "People.com: Jessica Alba". People. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-17. Dáta rochtana: 2020-10-14.
  17. "Jessica Alba biography". People. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-06-21. Dáta rochtana: 2020-10-14.
  18. Hollywood Life magazine; September/October 2005 pp.44–49; 106.
  19. "Jessica Alba Goes To 'Sin City'". CBS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-02. Dáta rochtana: 2023-09-12.
  20. "Jessica Alba: 5 Things to Know". Hollywood Reporter.
  21. "Jessica Alba Goes To 'Sin City'". CBS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-02. Dáta rochtana: 2023-09-12.
  22. "Look At Me". The Age.
  23. "Jessica Alba aims to kill in 'Honey' with own dance moves and sexy style". Knight Ridder Newspapers. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-11. Dáta rochtana: 2023-09-12.
  24. "Jessica Alba's anorexic hell". AskMen.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-18. Dáta rochtana: 2020-10-14.
  25. "MOVIE REVIEWS / She throws force fields. The others fly, turn rubbery and become rocklike. Fantastic? What else do they do?". The San Francisco Chronicle.
  26. "Jessica Alba dazzles self-professed nerds as academy hands out science and tech Oscars". Associated Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 Meitheamh 2008. Dáta rochtana: 14 Deireadh Fómhair 2020.
  27. "2007 Hot 100". Maxim. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-05. Dáta rochtana: 2023-09-12.
  28. "Cóip cartlainne". Style.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-04-15. Dáta rochtana: 2020-10-14.
  29. "Jessica Alba Profile". AskMen.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-12-05. Dáta rochtana: 2023-09-12.
  30. ""28th Annual Razzie – Award Nominees for Worst Actress"". The Razzies.
  31. "Jessica Alba plans a fantastic summer". USA Today.
  32. ""Glamour's October Cover Girl — Dark Angel Jessica Alba Reveals Her Obsessions, Love, and God — p.256; October issue on newsstands Sept. 11, 2001"". Glamour Magazine. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Aibreán 2008.
  33. "Hollywood's hottest actresses that refuse to go nude!".
  34. "Jessica Alba's Parental Relationship Was Strained By Engagement". Starpulse. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 31 Bealtaine 2008.
  35. "Alba: 'I want to have lots of kids'"". Contactmusic.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Aibreán 2008.
  36. "Celebrities spotted at the Democratic National Convention". Politico.
  37. "Jessica Alba Gets Married to Cash Warren!". People Magazine. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-06-21. Dáta rochtana: 2023-09-12.
  38. "Jessica Alba Engaged!". People. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-01-13. Dáta rochtana: 2023-09-12.
  39. "Jessica Alba has Baby Girl". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-01-08. Dáta rochtana: 2020-10-14.
  40. "Jessica Alba Charity Work, Events and Causes". Celebrity Charity.
  41. "Clothes Off Our Back Foundation". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 Iúil 2012. Dáta rochtana: 12 Meán Fómhair 2023.
  42. "LIFETIME NETWORKS PRESIDENT & CEO ANDREA WONG AND DOVE® SELF ESTEEM FUND TO BE HONORED BY STEP UP WOMEN'S NETWORK ON MAY 9". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Meán Fómhair 2008.