Nochtacht



Lomnochtacht (nó nochtacht nó loime) is ea a bheith gan éadach.[2][3] . Is feiniméan casta cultúrtha, sóisialta, agus stairiúil í an nochtacht. Athraíonn an dearcadh i leith na nochtachta de réir an chultúir agus an ré stairiúil.
In Éirinn sa lá atá inniu ann, do dhuine nach bhfuil compordach lena corp nó lena chorp féin, is scanrúil an smaoineamh é bheith nocht os comhair strainséirí de ghnáth.[4]
Stair agus cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá baint ag an éadach le cúiseanna praiticiúla — teas agus cosaint — ach baineann sé chomh maith le cúrsaí creidimh, deasghnátha agus céime sóisialta.[5] I roinnt cultúr, mar a mbíonn daoine nocht nó faoi bheagán éadaigh go minic, úsáidtear dathú coirp, tatúnna agus marcanna ar an gcraiceann chun céim nó gradam duine a chur in iúl.[5][6]
I dtraidisiún an Bhíobla, baineann an nochtacht le scéal Ádhaimh agus Éabha: de réir Leabhar Geineasas, bhí an bheirt acu nocht i nGairdín Pharthais gan náire, go dtí gur ith siad an toradh coiscthe. Tá ceangal láidir, dá bhrí sin, idir an nochtacht agus coincheap na náire agus an gheanais i gcuid mhór den smaointeoireacht Iartharach.
Sa tSean-Ghréig, bhíodh ardmheas ar áilleacht an choirp lomnocht, agus ní bhíodh éadaí ar na lúthchleasaithe agus iad ag iomaíocht sna Cluichí Oilimpeacha.[7]
An nochtacht san ealaín
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an corp lomnocht ar cheann de mhórábhair na healaíne san Iarthar. Tá an nocht le feiceáil i ndealbhóireacht na Gréige is na Róimhe, agus i bpictiúir ó ré na hAthbheochana anuas. Mar shampla, léiríonn an pictiúr Ádhamh agus Éabha (1507) leis an ealaíontóir Gearmánach Albrecht Dürer an bheirt acu lomnocht. Tá an t-ábhar céanna le feiceáil in obair ealaíontóirí Éireannacha, ina measc Roderic O'Conor.
An nochtachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is gluaiseacht é an nochtachas a mholann an ceart a bheith lomnocht, go háirithe i dteannta daoine eile agus amuigh faoin aer. Tháinig sé chun cinn sa Ghearmáin go luath sa 20ú haois. Bíonn tránna, clubanna agus láithreáin ar leith ag lucht an nochtachais, áit ar féidir le daoine a bheith nocht.[8]
An nochtacht go poiblí agus an dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mórán tíortha, tá srian dlíthiúil ar an nochtacht in áiteanna poiblí, agus is coir é an nochtadh mígheanasach. Mar sin féin, ceadaítear nochtacht ar thránna nó páirceanna áirithe i dtíortha áirithe. Athraíonn na dlíthe agus na nósanna ó thír go tír agus ó aois go haois.
Agóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baineann an nochtacht stangadh as daoine go minic. Mar sin tarraingíonn sé go leor cainte agus aird na meán.
- Femen. Tháinig an ghluaiseacht Femen ar an bhfód san Úcráin in 2008, agóidíocht atá an-tógtha leis an bhfeimineachas; tá na léirsitheoirí nocht nó uchtnocht go hiondúil.
- Turas Rothaíochta Nocht Domhanda: Is gluaiseacht agóidíochta é seo, Léiríonn an corp nocht cé chomh leochaileach is atá rothaithe ar na bóithre, gan aon chosaint acu mar a bhíonn ag tiománaithe i ngluaisteáin.
Tiomsú airgid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tarraingíonn an nochtacht go leor cainte agus aird na meán, rud atá thar barr do ghníomhaíocht tiomsaithe airgid.
Mar shampla ar an 9 Meitheamh 2018 reáchtáladh an snámh lomnocht is mó ar dhomhan riamh agus 2,505 bean ina gcraiceann dearg ar thrá Machaire Mór i gCill Mhantáin. Sháraigh na mná cróga an churiarracht dhomhanda … agus €275,000 bailithe acu do Aoibheann's Pink Tie.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Roderic O'Conor - Paris Gallery". www.mpfa.ie. Dáta rochtana: 2026-06-09.
- ↑ Bean ina cónaí in iarthuaisceart na Dún na nGall (2020-06-01). "An Gaeilgeoir Nocht" (ga). Irish Naturist Association. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ "nudity - Aistriúchán Gaeilge ar nudity (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ Emma Ní Chearúil (17 Bealtaine 2016). "Dathú Coirp" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2026-06-09.
- 1 2 "dress – The nature and purposes of dress". Encyclopædia Britannica. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ Emma Ní Chearúil (17 Bealtaine 2016). "Dathú Coirp". NÓS. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ "ancient Olympic Games". Encyclopædia Britannica. Dáta rochtana: 2026-06-10.
- ↑ "Irish Naturist Association – The Home of Naturism in Ireland" (en-GB). Dáta rochtana: 2026-06-09.
- ↑ aoibheannspinktie.ie/ (2026). "Aoibheann's Pink Tie" (en-GB). Aoibheann's Pink Tie. Dáta rochtana: 2026-06-09.