Jeremy Bentham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Jeremy Bentham
Jeremy Bentham by Henry William Pickersgill detail.jpg
Saol
Eolas breithe Houndsditch (en) Aistrigh, Feabhra 15, 1748
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
An Chéad Phoblacht Fhrancach
Bás Londain, Meitheamh 6, 1832
Muintir
Athair Jeremiah Bentham
Máthair Alicia Woodward Grove
Céile/Céilí no value
Siblíní
Oideachas
Alma mater Westminster School (en) Aistrigh
(1755 - 1760)
The Queen's College (en) Aistrigh
(1760 -
Teangacha An Béarla
An Fhraincis
Gairm
Gairm dlíodóir, fealsamh, ceannaí, eolaí polaitiúil, gníomhaí ar son cearta vótála, gníomhaí ar son chearta an duine agus saineolaí dlí
Gluaiseacht utilitarianism (en) Aistrigh
Sloinnte Philip Beauchamp agus Gamaliel Smith
Creideamh
Reiligiúin dias
Jeremy Bentham signature.svg

Fealsamh, teoiricí an dlí agus leasaitheoir sóisialta ba ea Jeremy Bentham (15 Feabhra 1748 - 6 Meitheamh 1832). D'fhorbair sé idé-eolaíocht an fhóntachais.

Bentham le Thomas Frye, 1760-1762

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bentham le Joseph Wright[1]

Céimí de chuid Choláiste na Banríona, Ollscoil Áth na nDamh ba ea Bentham sa bhliain 1763 (Master 1766). Glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1769 ach ní raibh sé i gcleachtadh riamh.[2]

Thug smaointe Bentham ugach tábhachtach do na daoine a chuir Ollscoil Londan (UCL faoi láthair) ar bun mar an gcéad ollscoil lántuata i Sasana. Ní raibh baint dháiríre ag Bentham le bunú na hinstitiúide nua, ach amháin go ndearna sé cinnte de gur ceapadh a protégé John Austin ina chéad Ollamh le Dlí-eolaíocht ar an ollscoil. Mar sin féin, mar aitheantas ar an spreagadh a thug sé dá bunú, tá a chnámharlach mar chreatlach don "féin íocón" a bhíonn ar taispeáint i UCL de ghnáth.[2]

Teach tábhairne Benthan, Bloomsbury, Londain

Cé nach raibh sé ina Ollamh le Dlí-eolaíocht in Ollscoil Londan ach ar feadh ocht mbliana, is téacs bunaidh an phosaitíbheachais dhlíthiúil é 𝑻𝒉𝒆 𝑷𝒓𝒐𝒗𝒊𝒏𝒄𝒆 𝒐𝒇 𝑱𝒖𝒓𝒊𝒔𝒑𝒓𝒖𝒅𝒆𝒏𝒄𝒆 𝑫𝒆𝒕𝒆𝒓𝒎𝒊𝒏𝒆𝒅 (1832) le John Austin.

Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar bhunaitheoir fhealsúnacht an fhóntachais i bhfoirm nua-aimseartha, rinne Bentham cáineadh géar ar choincheapa mar an dlí nádúrtha agus na cearta nádúrtha ("seafóid ar chosa taca").[2]

Teoiricí an dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Moladh sé go díograiseach cuíchóiriú a dhéanamh ar dhlí Shasana agus, go háirithe, é a chódú. Ina theannta sin, feictear an bhéim a chuir sé ar luach na trédhearcachta (agus an fhaireachais) sna mholtaí a rinne sé maidir le hathchóiriú an chórais choiriúil, an Panopticon go mór mór. Cé nár tógadh a leithéid sin d'áras riamh réir na sonraíochta a chuir Bentham chun cinn, bhí tionchar ag an smaoineamh sin ar dhearadh na bpríosún sa naoú haois déag agus, mar mheafar don smacht sóisialta agus don easpa príobháideachais, is slat tomhais é fós i ndíospóireachtaí comhaimseartha.[2]

Bhí Bentham i measc na bhfealsamh nua-aimseartha a rinne an cás is luaithe san Iarthar ar son chearta ainmhithe agus gníomhartha homaighnéasacha a dhéanamh dleathach (sa dara cás, argóint nár foilsíodh den chéad uair roimh 1931).[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Jeremy Bentham (1748–1832) | Art UK" (en). artuk.org. Dáta rochtana: 2021-06-05.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Jeremy Bentham". Dáta rochtana: 2018.