Isaac Herzog Óg
(2024) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (he) יצחק הרצוג |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 22 Meán Fómhair 1960 64 bliana d'aois Pardes Hanna-Karkur, Iosrael |
11 Uachtarán Iosrael | |
2 Meitheamh 2021 – ← Reuven Rivlin | |
Ball den Knesset | |
31 Márta 2015 – 31 Iúil 2018 – Robert Tiviaev → Téarma parlaiminte: 20th Knesset (en) | |
Ball den Knesset | |
5 Feabhra 2013 – 31 Márta 2015 Téarma parlaiminte: 19th Knesset (en) | |
Ball den Knesset | |
24 Feabhra 2009 – 5 Feabhra 2013 Téarma parlaiminte: 18th Knesset (en) | |
Ball den Knesset | |
18 Nollaig 2008 – 24 Feabhra 2009 Téarma parlaiminte: list of members of the seventeenth Knesset (en) | |
An tAire Leasa agus Seirbhísí Sóisialta | |
21 Márta 2007 – 17 Eanáir 2011 ← Ehud Olmert – Moshe Kahlon → | |
Aire Turasóireachta | |
4 Bealtaine 2006 – 21 Márta 2007 | |
Ball den Knesset | |
17 Aibreán 2006 – 18 Nollaig 2008 Téarma parlaiminte: list of members of the seventeenth Knesset (en) | |
Ball den Knesset | |
17 Feabhra 2003 – 17 Aibreán 2006 Téarma parlaiminte: list of members of the sixteenth Knesset (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Labor Zionism (en) |
Reiligiún | An Giúdachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Tel Aviv Ollscoil Nua-Eabhrac Ollscoil Cornell Ramaz School (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Iarúsailéim |
Gairm | polaiteoir, dlíodóir, abhcóide |
Fostóir | Herzog, Fox & Ne'eman (en) Jewish Agency for Israel (en) |
Ball de pháirtí polaitíochta | The Democrats (en) |
Teangacha | Béarla agus an Eabhrais |
Teaghlach | |
Céile | Michal Herzog |
Athair | Chaim Herzog agus Aura Herzog |
Siblín | Michael Herzog |
Duine muinteartha | Yitzhak HaLevi Herzog (seanathair athartha) |
Gradam a fuarthas
| |
Uachtarán ar Stát Iosrael is ea Isaac Herzog Óg (a rugadh ar 22 Meán Fómhair 1960 i dTel Aviv).[1]
Is mac le iar-Uachtarán Stát Iosrael é, an Ginearál Chaim Herzog (1918-1997), a rugadh i mBéal Feirste. Is garmhac leis an iar-Príomhraibí Iosrael é, Isaac Herzog (1888-1959), a bhí ina raibí i mBéal Feirste agus Baile Átha Cliath; tugadh an "Sinn Féin Rabbi" air sna 1910idí-1920idí.
Is iar-Aire agus iar-Chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre é.[2] Bhí sé ina chomhalta den Knesset idir 2003 agus 2018.
I mí an Mheithimh 2018 toghadh é mar Chathaoirleach ar Ghníomhaireacht Ghiúdach Iosrael, agus mar uachtarán ar Iosrael sa bhliain 2021.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Muintir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is garmhac leis an Raibí Yitzhak HaLevi (Isaac) Herzog (1888-1959) agus mac leis an nGinearál Chaim Herzog (1918-97) é. An séú hUachtarán ar Stát Iosrael (1983-93) ab ea Chaim Herzog, a rugadh i mBéal Feirste agus a tógadh i mBaile Átha Cliath é.
Bhí Isaac Herzog Mór ina Ard-Raibí na hÉireann idir 1921 agus 1936. Duine a bhí go láidir i bhfabhar an phoblachtachais Éireannaigh agus a raibh Gaeilge líofa aige, thugtaí "Raibí Shinn Féin" air ar feadh tamaill áirithe agus bhí Cearbhall Ó Dálaigh ina chara ag Chaim Herzog i laethanta a óige. Bhí Isaac Herzog Mór ina Ard-Raibí Aisceanásaíoch ar an bPalaistín ó 1936 go 1948 agus ina Ard-Raibí ar Iosrael ina dhiaidh sin go dtí go bhfuair sé bás.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1960 i dTel Aviv a rugadh Isaac Herzog Óg. Chaith sé cuid dá óige i Nua-Eabhrac, tráth a bhí a athair ina Ambasadóir chun na Náisiún Aontaithe (1975-78). Fuair sé céim sa dlí ó Ollscoil Tel Aviv agus chuaigh sé isteach sa ghnólacht dlí Herzog, Fox & Neeman (i measc na ngnólachtaí dlí is mó le rá in Iosrael, a chomhbhunaigh a athair sa bhliain 1972).[1]
Ar nós a athar, bhí Isaac Óg ina pholaiteoir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Iosrael.
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Isaac Óg ina bhall den Knesset idir 2003 agus 2018 agus go leor uaireanta ina Aire sna blianta sinː
- Tithíochta & Tógála, 2005;
- Turasóireachta, 2006-7;
- An Diaspóra, Na Sochaí, agus An Chomhraic in aghaidh An Fhrith-Sheimíteachais, 2007-09;
- Seirbhísí Leasa ⁊ Sóisialta, 2007-11).
Bhí Isaac Óg ina ina chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre Iosrael ó 2013 go 2017, agus ina chomhchathaoirleach ar an Aontas Síónach ó 2014 go 2017. Bhí sé ina Cheannaire ar an bhFreasúra ó 2013 go 2018.
Sa bhliain 2018 a toghadh ina chathaoirleach ar an An nGníomhaireacht Ghiúdach d’Iosrael é agus dhírigh sé ar an mbearna idir an bpobal Giúdach agus Stát Iosrael a líonadh.
Uachtarán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 2 Meitheamh 2021, toghadh Herzog Óg ina Uachtarán ar Stát Iosrael, le dul in oifig ar an 9 Iúil 2021.
Bhuail sé Miriam Peretz 87 go 26 i vóta an Knesset ar cé atá le bheith ina chéad Uachtarán eile. Sheas an bheirt acu mar iarrthóirí neamhspleácha.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Scoil Dlí, COBÁC (2 Meith. 2021). "Herzog Óg". Dáta rochtana: 3 Meith. 2021.
- ↑ Office of the President of Ireland. "Diary President Receives Mr Isaac Herzog Son Of Former President Of The State Of Israel Chaim Herzog On The 100th Anniversary Of The Birth Of His Father" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-04-18.