Harold Kroto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Harold Kroto
Hkroto.jpg
Voice
president of the Royal Society of Chemistry (en) Aistrigh

Saol
Eolas breithe Wisbech, Deireadh Fómhair 7, 1939
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Bás Lewes (en) Aistrigh, Aibreán 30, 2016
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (amyotrophic lateral sclerosis (en) Aistrigh)
Oideachas
Alma mater Ollscoil Sheffield
Leibhéal oideachais céim dochtúireachta
Mic léinn dochtúireachta Mauricio Terrones Maldonado
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm ceimiceoir agus múinteoir ollscoile
Fostóirí University of Sussex (en) Aistrigh
Florida State University (en) Aistrigh
University of Florida (en) Aistrigh
Duais
Daoine le tionchar air/uirthi Harry Heaney (en) Aistrigh
Ballraíocht Academia Europaea
Cumann Ríoga
Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí
Accademia delle Scienze di Torino
kroto.info
Sir Harold Walter Kroto.png

Ceimicí a rugadh ar 7 Deireadh Fómhair 1939 i Wisbech Shasana ab ea an Ridire Harold (Harry) Walter KrotoHarold Walter Krotoschiner mar a rugadh é. Ag obair lena chomhghleacaithe Richard Smalley is Robert Curl ar ábhair leathsheoltacha, tháinig sé ar ábhar nua trí thimpiste. Ag eisídiú adaimh carbóin as dromchla le léas léasair, á bhfuarú is á sú isteach i bhfolús, móilíní le 60 adamh carbóin iontu, 70 adamh uaireanta, a fuair siad mar thoradh den chuid is mó. Ba é seo 3ú allatróp an charbóin, C60. Is iad graifít, a bhfuil cruth leatháin uirthi, is diamant, a bhfuil cruth teitrihéidreach air, an dá cheann eile. Chinn siad gur cruth cáis sféaraigh a bhí ar an allatróp nua, cosúil leis an gcruinneachán geodasach a dhear Buckminster Fuller, cosúil le liathróid sacair agus adamh carbóin ag gach cúinne. Tús ab ea na fullairéiní nó millíní bucaí seo i 1985 le réimse torthúil lán-nua ceimice. Bronnadh Duais Nobel na Ceimice ar an triúr sa bhliain 1996 as.

Fuair Kroto bás ar an 30 Aibreán 2016.