Wisbech

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seantithe i North Brink, Wisbech

Is baile suite in oirthear Shasana, in Eanaigh Cambridgeshire, é Wisbech. Sníonn an abhainn Nene tríd. Seanbhaile margaidh é Wisbech agus tá roinnt mhaith tithe ann sa stíl Sheoirseach. Bhí 31,573 duine ina gcónaí i Wisbech i 2011.

Rugadh an Ridire Harold Kroto, duaiseoir Nobel i gceimic, i Wisbech sa bhliain 1939. Tá Wisbech nasctha le Arles na Fraince.