Richard Smalley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRichard Smalley

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Richard Errett Smalley
6 Meitheamh 1943
Akron, Ohio Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Deireadh Fómhair 2005
62 bliana d'aois
Houston, Texas, Texas Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Chronic lymphocytic leukemia (en) Aistrigh)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Princeton - ceimic orgánach (–1973)
Coláiste Hope
Ardscoil Southwest
Ollscoil Michigan - ceimic (–1965)
Ollscoil Chicago
Southwest Early College Campus (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheAkron
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic orgánach
Gairmceimiceoir, ollamh, eolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Rice Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

IMDB: nm2218951 Find a Grave: 12254050 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceimicí a rugadh in Akron, Ohio ab ea Richard E. Smalley (6 Meitheamh 194328 Deireadh Fómhair 2005). D'fhás sé aníos in Kansas City. Rinne staidéar ag Ollscoil Michigan (B.S., 1965), Ollscoil Princeton (Ph.D., 1973), agus Ollscoil Chicago (clár iar-dochtúra). Ollamh ag Ollscoil Rice in Houston, Texas a bhí ann agus ba in Houston a d'éag sé. Ceannródaí na nanaitheicneolaíochta a bhí ann.

Ag obair lena chomhghleacaithe Robert Curl is Harold Kroto ar ábhair leathsheoltacha, tháinig sé ar ábhar nua de thimpiste i 1985. Ag eisídiú adaimh carbóin as dromchla le léas léasair, á bhfuarú is á sú isteach i bhfolús, ba mhóilíní le 60 adamh carbóin iontu, is uaireanta le 70 adamh carbóin, a fuair siad mar thoradh den chuid is mó. Ba é seo 3ú allatróp an charbóin, C60. Graifít, a bhfuil cruth leatháin uirthi, is diamant, a bhfuil cruth teitrihéidreach air, an dá cheann eile. Chinn na taighdeoirí gur cruth cáis sféarúla, cosúil leis an gcruinneachán geodasach a dhear Buckminster Fuller, cosúil le liathróid sacair, a bhí san allatróp nua, le hadamh carbóin ag gach cúinne. Tús ab ea na millíní bucaí nó na fullairéiní seo le réimse torthúil lán-nua ceimice, an nanaiceimic. Bronnadh Duais Nobel na Ceimice ar an triúr i 1996.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Richard E Smalley". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 607.