Géarchéim na Mara Rua
| ||||
Cineál | fronta idirghabháil mhíleata | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadht Iosrael-Hamas, luach anaithnid, Middle Eastern crisis (en) , 2024 Iran–Israel conflict (en) agus Houthi involvement in the Israel–Hamas war (en) | |||
Tréimhse | 19 Deireadh Fómhair 2023 - | |||
Dáta na bliana | 2023 | |||
Suíomh | an Meánoirthear Poblacht Éimin an Mhuir Rua Murascaill Áidin Iosrael Bab-el-Mandeb an Mhuir Arabach, An India | |||
Rannpháirtí | ||||
Meán cumarsáide | ||||
Codanna | ||||
Thosaigh Géarchéim na Mara Rua ar 19 Deireadh Fómhair 2023 nuair a chaith na Houthi (nó na Hútaithe), atá lonnaithe i dtuaisceart agus in iarthar Éimin (ar chósta na Mara Rua) diúracáin in aghaidh Iosrael. I mí na Samhna 2023 chuir na Houthi, tús le feachtas ag ionsaí longa tráchtála sa Mhuir Rua.
Feachtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá tacaíocht na hIaráine ag na Houthi.[1] Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil na Houthi, níos bagraí agus níos trodaí ná aon ghrúpa eile a fhaigheann tacaíocht ón Iaráin. Comhghuaillithe le Hezbollah is ea na Hútaithe chomh maith.
Bhí na hionsaithe dírithe ar Iosrael i bhfianaise a bhí ag tarlú i nGaza - an coimhlint Iosrael-Gaza - cé go raibh longa eile buailte ag na mílísteoirí nach le Iosrael iad. Cé go bhfuil Éimin níos mó ná 2,000 ciliméadar ó Iosrael, d’éirigh leo dróin agus diúracáin a scaoileadh le hIosrael díreach tar éis ionradh na hIosrael ar Gaza.
D’éirigh leis na Houthi báid bheaga a sheoladh chun roinnt long a ionsaí, fiú d’éirigh leo ingearán a chur san aer chun long amháin a ghabháil.[2]
Mar gheall air sin, ní raibh na longa tráchtála úsáid a bhaint as an gCanáil Shuais níos mó. Ach is bealach tábhachtach tráchtála an Mhuir Rua agus an Chanáil do chomhlachtaí lastais mar go ngiorraíonn sé an t-aistear go suntasach idir an Áise agus an Eoraip.[1]
Frithionsaithe an Iarthair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 2010idí, bhí longa cabhlaigh ó thart ar 30 tír lonnaithe sa cheantar mar chuid de chomhghuaillíocht idirnáisiúnta a bunaíodh chun déileáil leis na foghlaithe mara ón tSomáil. I mí Nollag 2023, tháinig cuid mhaith de na tíortha i gcomhghuaillíocht nua chun dul i ngleic leis na hionsaithe ó na Houthi. Chuir na Stáit Aontaithe agus a chomhghuaillithe "Operation Prosperity Guardian"[4] i bhfeidhm. Ach tháinig sé go solas go tapa go raibh an feachtas sin mí-éifeachtach.
Lean na reibiliúnaigh Houthi lena mbagairtí ar loingseoireacht tráchtála in ainneoin foláirimh ó na Stáit Aontaithe agus a gcomhghuaillithe.[5] D'fhógair cuid mhaith de na comhlachtaí coimeádán go raibh siad chun an Chanáil a sheachaint go dtí go mbeadh an ghéarchéim thart.[6] Chuir sé seo le costas earraí iompórtáilte ar fud an domhain.
Le linn aimsir na Nollag bhí an chuma ar chúrsaí go raibh rudaí ag imeacht ó smacht sa Mheánoirthear. Sheol na Houthi ionsaí ollmhór eile ar longa sa Mhuir Rua le linn mí Eanáir 2024.[7][8][9]
Mar gheall air sin, thosaigh comhghuaillíocht idirnáisiúnta faoi cheannas na Stát Aontaithe ag ionsaí suíomhanna Houthi in Éimin ón aer.[2][3] Mar shampla scrios Cabhlach na Stát Aontaithe diúracáin frithloinge a líomhnaítear a bhí ag iompar trodaithe ó Éimin. Bhí hionsaithe an Iarthair dírithe ar áiseanna stórála armlóin agus córais chosanta Houthi, srl.[1] Ach bhí na Houthi in ann cur suas le hionsaithe ó aerfhórsa na hAraibe Sádaí idir 2015-2022, agus bhí ullmhúcháin déanta acu chun déileáil le cuid de na hionsaithe ón gComhghuaillíocht. Mar sin bhí siad in ann leanúint leis an mbrú ar longa sa Mhuir Rua agus ar chóras trádála an domhain.
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scaoil Iosrael le láithreacha de chuid lucht Hútaí le linn 2024. Dúirt na hIosraelaigh gur dírithe ar bhonneagar lucht Hútaí a bhí an t-ionsaí.[10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-02-25). "10 gcinn de spriocanna Houthi in Éimin buailte ón aer" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 Máirtín Ó Duibhir (15 Eanáir 2024). "D’fhéadfadh an cogadh in Gaza scaipeadh níos forleithne an-éasca" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-25.
- ↑ 3.0 3.1 US Central Command (22 Eanáir 2024). "U.S. Forces, Allies Conduct Joint Strikes in Yemen".
- ↑ 4.0 4.1 4.2 "Operation Prosperity Guardian" (as en) (2024-02-25). Wikipedia.
- ↑ Bertie Ó hAinmhire / tuairisc.ie (14 Eanáir 2024). "‘Síleann fear na buile gurb é féin fear na céille’ – 100 lá d’ionsaithe ar Gaza" (ga-IE).
- ↑ mar shampla, d’fhógair an comhlacht coimeádán Maersk go raibh siad chun an chanáil a sheachaint go dtí go mbeadh an ghéarchéim thart
- ↑ "2024 missile strikes in Yemen" (as en) (2024-02-26). Wikipedia.
- ↑ "Marlin Luanda missile strike" (as en) (2024-02-24). Wikipedia.
- ↑ Patrick Wintour, Dan Sabbagh (2024-01-10). "Britain warns of severe consequences after Houthi attack in Red Sea repelled" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-02-26.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-09-30). "An Liobáin: 100,000 teite, líon na marbh ag dul ó chomhaireamh" (as ga-IE).