Genk

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eaglais San Máirtín i nGenk

Is cathair i bhFlóndras, an Bheilg, é Genk. Tá sé suite i gCúige Limburg, i dtuaisceart na tíre. Cathair tionsclaíochta atá ann agus í suite ar an gcanáil Albert idir Antuairp agus Liège. Ag tús na bliana 2016 measadh 65,691 duine a bheith ina gcónaí sa chathair.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ceaptar gur fhás Genk as lonnaíocht bheag Cheilteach. Tá iarsmaí faighte de shéipéal beag adhmaid san áit ó am éigin timpeall an 10ú céad. Roimh an 20ú céad ní raibh ann ach sráidbhaile beag síochánta nach raibh ach dhá nó trí mhíle duine ina gcónaí ann agus a tharraing aird roinnt péintéirí agus scríbhneoirí mar Neel Doff. Ag toiseacht sa bhliain 1901 thángthas ar ghual sa cheantar máguaird. I ndiaidh an Chéad Cogadh Domhanda, tháinig fás mór faoin mbaile agus ag buaicphointe na tionsclaíochta bhí 70,000 duine ann. Sa bhliain 1966, áfach, dúnadh an mianach Zwartberg, an ceann ba mhó díobh, agus níor mhair baint na guala thar na 1980idí. Lár na tionsclaíochta i Limburg is ea Genk go dtí an lá inniu, mar sin féin. Is de bhunús coimhthíoch 54% den daonra, as 85 tír, as an Iodáil, an Tuirc agus an Ghréig go háirithe.

Iontaisí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an Bokrijk in Genk, bailiúchán foirgneamh as áiteanna ar fud Fhlóndras. Tá réadlann ann chomh maith, mar atá Europlanetarium Genk.

An château sa Bokrijk

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]