Geel
Jump to navigation
Jump to search
Is cathair i bhFlóndras An Bheilg é Geel. Is cathair i bhFlóndras, an Bheilg, é Geel. Tá Geel suite i gCúige Antuairp, i dtuaisceart na tíre. Ar 1 Eanáir 2016 measadh 39,225 duine a bheith ina gcónaí sa chathair.
Bhí daoine ina gcónaí sa cheantar san Iarn-aois agus bhí sráidbhaile beag ann cheana i lár na 13ú haoise, nuair a scríobhadh Vita Sanctae Dimpnae ("Saol Naomh Damhnait"). Sa chuntas sin, cuirtear síos ar shaol agus ar bhás an naoimh Caitliceach Éireannach úd i nGeel. Is í éarlamh na cathrach go dtí an lá inniu. Sa bhliain 1992 nascadh Geel le Tigh Damhnata i gContae Mhuineacháin.
Tá cuid de Shamrock Tea, úrscéal le Ciarán Carson, suite i nGeel.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |