Turnhout

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Turnhout

Is cathair agus bardasacht i bhFlóndras, an Bheilg, é Turnhout. Tá Turnhout suite i gCúige Antuairp, i dtuaisceart na tíre ní faide ó theorainn na hÍsiltíre. Bhí rath ar an mbaile sa Mheánaois dhéanach anuas go deireadh an 16ú haois. D'fhág fadhbanna a bhain le cúrsaí eacnamaíochta, tine, aicídí agus cogaíochta an baile bocht, agus chuaigh cuid daoine go dtí an Ísiltír mar gheall ar an gCúistiúnacht agus an ghéarleanúint. Ag tús na bliana 2015 measadh 42,637 duine a bheith ina gcónaí sa chathair, agus 81,473 duine má chuirtear an ceantar máguaird san áireamh.

Tá ceannáras na cuideachta Cartamundi in Turnhout agus táirgtear níos mó cártaí imeartha in Turnhout ná in áit ar bith eile ar domhan.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]