Fuinneamh gaoithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Feirm ghaoithe i ngar do Chill Mhucraise

Tagann fuinneamh na gaoithe ó fhuinneamh radaíocht na Gréine, de bhrí go dtéann an radaíocht sin réimsí éagsúla an Domhain ar shlite éagsúla. Mar shampla, téann radaíocht na Gréine an Domhan níos mó ag an meánchiorcal ná ag áiteanna ó thuaidh nó ó dheas, agus mar sin bíonn difríocht teochta idir na réigiúin seo. Éiríonn an t-aer te ag na teochreasa, agus séideann aer fuar isteach i dtreo an mheánchiorcail i ngaoth chomhiompair. Cuireann rothlú an Domhain ar a ais claonadh ar na gaotha seo, chun na trádghaotha a chruthú. Ansin filleann an t-aer te sin a bhí ag an meánchiorcal, tar éis a fhuartha, ar ais ar dhromchla an Domhain ag na trópaicí timpeall 23° ón meánchiorcal. Leanann cuid den aer seo mar thrádghaotha, ach séideann cuid eile i dtreo na Mol. Nuair a chlaontar na gaotha seo le rothlú an Domhain, is frith-thrádghaotha iad. Is fuinneamh cinéiteach é fuinneamh na gaoithe, agus braitheann an oiread fuinnimh atá inti ar luas na gaoithe cearnaithe. De bhrí go séideann an ghaoth chomh láidir rialta ar fud na hÉireann, tá sí an-oiriúnach chun feidhm a bhaint as an acmhainn fuinnimh seo. Úsáidtear muilte gaoithe nua-aoiseacha chun an fuinneamh seo a thiontú ina fhuinneamh leictreach. Braitheann an oiread fuinnimh is féidir a fháil ón ngaoth le muileann gaoithe ar an bhfairsinge a rothlaíonn na liáin tríthi: a bheag nó a mhór, fad an liáin cearnaithe agus luas na gaoithe ciúbaithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh gaoithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 295.