Trádghaotha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaotha a shéideann ó chrios a mbíonn brú ard ann, lárnaithe ar Thrópaic an Phortáin (23.5° ó thuaidh) is Trópaic an Ghabhair (23.5° ó dheas), i dtreo an chreasa idirthrópaicigh inréimnigh ag an meánchiorcal. Sa leathsféar thuaidh séideann na trádghaotha ón taobh thoir thuaidh, ach sa leathsféar theas ón taobh thoir theas. Níos láidre os cionn farraige ná os cionn talún.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Trádghaotha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 673.