Tuirbín gaoithe aise ingearaí
Cineál tuirbín gaoithe is ea tuirbíní gaoithe aise ingearaí (TGAInna) ina mbíonn an príomhsheafta rótair leagtha trasnach chun an gaoithe (ach ní gá go hingearach) cé go bhfuil an príomh-chomhpháirteanna suite ag bun an tuirbín. Ligeann an socrú seo an gineadóir agus an giarbhosca a bheith suite in aice leis an talamh, ag éascú seirbhíse agus deisithe. Ní gá TGAInna a bheith dírithe ar an ghaoth,[1][2] mar sin, ní bhíonn gá le meicníochtaí gaoithe-braite agus treoshuíomh. Bhí míbhuntáistí móra ag na dearaí is luaithe (Savonius, Darrieus agus giromill), san áireamh bhí athrúchán casmhóiminte an suntasach nó "iomairín" le linn gach imrothlú, agus mór lúbthachta móimintí ar na lanna. Thug na dearaí is déanaí aghaidh ar fhadhb na n-iomairíní casmhóiminte tré na lanna a scuabadh go héiliciúil.