Feirm ghaoithe
Bíonn roinnt tuirbíní gaoithe ar fheirm ghaoithe, a úsáideann cumhacht na gaoithe le leictreachas a ghiniúint.[1]
Cumhacht ghaoithe in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léiríonn na figiúirí do mhí Dheireadh Fómhair 2024 gur chuir fuinneamh gaoithe 35% de leictreachas ar fáil in Éirinn (níor tháinig ach 4% ón ngriamchumhacht agus ó fhoinsí eile inathnuaite). Ciallaíonn sé gur ghin feirmeacha gaoithe beagnach an tríú cuid de leictreachas na tíre sa chéad 10 mí den bhliain 2024.[2] Cé gur éirigh go maith le feirmeacha gaoithe na hÉireann in 2024, bhí 2024 an bhliain is measa maidir le fuinneamh a chur amú, dar le Fuinneamh Gaoithe Éireann. Cailleadh 14% de tháirgeadh fuinnimh gaoithe sa chéad trí ráithe den bhliain 2024 de bharr dhúshláin leis an ngréasán tarchurtha, mar gheall ar fhuinneamh gaoithe a bheith caillte de bharr an gréasán leictreachais gan bheith sách láidir leis an bhfuinneamh a iompar. Nuair a tharlaíonn sé seo, tugtar treoir d’fheirmeacha gaoithe an méid cumhachta a tháirgeann siad a laghdú nó a mhúchadh go hiomlán, rud a chiallaíonn go n-úsáidfear níos mó breoslaí iontaise.[2]
Tháinig laghdú 26% in 2024 ar an meánchostas a bhain le meigeavata-uair an chloig leictreachais ar na laethanta ba mhó cumhacht gaoithe.
Feirmeacha Gaoithe in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2023, rinneadh an chéad iarracht le tionscnamh gaoithe amach ón gcósta a chur ar bun sa limistéar mara as Dún nan Gall síos go Corcaigh, cósta thiar na hÉireann uilig.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ccea.org.uk. "Gaothː Aonad Téamach Eochairchéim 2". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-11-18). "An ghaoth a ghin 35% de leictreachas na míosa seo caite" (as ga-IE).
- ↑ Máirtín Ó Catháin (5 Eanáir 2022). "Cóir na gaoithe le scéim cumhachta na Sceirdí i nGaeltacht Chonamara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-07.