Frank McGuinness
Frank McGuinness | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Bun Cranncha, 29 Iúil 1953 (69 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | Éire |
Oideachas | |
Alma mater | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Pobalscoil Charn Domhnaigh |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | scríbhneoir scripte scannáin, file, údar, aistritheoir, múinteoir ollscoile agus scríbhneoir |
Áit oibre | Baile Átha Cliath |
Fostóirí | Ollscoil Uladh |
Duaiseanna | |
Daoine le tionchar air/uirthi | Henrik Ibsen |
Ballraíocht | Aosdána |
IMDb | nm0570128 |
Is drámadóir, file agus aistritheoir iomráiteach Éireannach é Frank McGuinness nó Proinsias MacAonghusa (rugadh 29 Iúil 1953, i gContae Dhún na nGall).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tógadh i mBun Cranncha i gContae Dhún na nGall é sular bhain sé céim amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Thuil sé clú lena chéad Dráma The Factory Girls (1982) agus neartaigh a chlú nuair a chuireadh a dráma Observe the Sons of Ulster Marching towards the Somme (1986) ar an stáitse, ar dtús, in Amharclann na Mainistreach agus ansin go forleathan. Bronnadh neart duaiseanna air de bharr sin.
Tá roinnt mhaith aistriúcháin de dhrámaí clasaiceacha le drámadóirí cos súil le Anton Chekhov, Henrik Ibsen agus Bertolt Brecht déanta aige. Foilsíodh bailiúchán filíochta leis den ainm Booterstown sa bhliain 1994.
Bhí sé ina léachtóir in Ollscoil Uladh agus Maigh Nuad sular thosaigh sé mar scríbhneoir cónaitheach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Faoi láthair tá sé ina Ollamh le scríbhneoireacht cruthaitheach i rannóg na Bhéarla, Drámaíocht agus Scannán i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Drámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- The Factory Girls (Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath, 1982)
- Baglady (Amharclann na Mainistreach, 1985)
- Observe the Sons of Ulster Marching Towards the Somme (Amharclann na Mainistreach, 1985; Hampstead Theatre, Londain, 1986)
- Innocence (Gate Theatre, Baile Átha Cliath, 1986)
- Cathaginians (Amharclann na Mainistreach, 1988; Hampstead, 1989)
- Mary and Lizzie (RSC, 1989)
- The Bread Man (Gate, 1991)
- Someone Who'll Watch Over Me (Hampstead, West End agus Broadway, 1992)
- The Bird Sanctuary (Amharclann na Mainistreach, 1993)
- Mutabilitie (RNT, 1997)
- Dolly West's Kitchen (Amharclann na Mainistreach, 1999)
- Gates of Gold (Gate Theatre, Baile Átha Cliath, 2002. Finborough Theatre, 2004)
- There Came a Gypsy Riding (Almeida Theatre, Londain, 2007)
- The Holy Moley Jesus Story (Greash Theatre, Dublin, 2008)
- Greta Garbo Came to Donegal (Tricycle Theatre, London, 2010)
- The Match Box (Everyman Playhouse, Liverpool, 2012
- The Hanging Gardens (Abbey Theatre, Dublin, 2013)
- Éamonn Ceannt, in 'Signatories' (Kilmainham Gaol, Dublin, 2016)
Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Rosmersholm le Henrik Ibsen (RNT, 1987)
- Peer Gynt le Henrik Ibsen (Gate, 1988; RSC agus Camchuairt, 1994)
- Hedda Gabler le Henrik Ibsen (Roundabout Theatre, Broadway, 1994)
- A Doll's House le Henrik Ibsen (Playhouse Theatre, Broadway, 1997)
- Three Sisters le Anton Chekhov (Gate agus Royal Court, 1990)
- Uncle Vanya le Anton Chekhov (Field Day Production, 1995)
- Yerma le Federico García Lorca (Amharclann na Mainistreach, 1987)
- The Threepenny Opera le Bertolt Brecht (Gate, 1987)
- The Caucasian Chalk Circle le Bertolt Brecht (RNT, 1997)
- Electra le Sophocles (Donmar agus Broadway)
- The Storm le Alexander Ostrovsky (Almeida)
- Hecuba le EuripidesPhaedra by Seneca
- Oedipus le Sophocles (Royal National Theatre)
- Helen le Euripides (Shakespeare's Globe, 2008)
- John Gabriel Borkman le Henrik Ibsen (Abbey Theatre, 2010)
- Ghosts le Henrik Ibsen (London Classic Theatre, 2011)[3][32]