Foilsitheoirí Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Gúm - an foilsitheoir Gaeilge is mó sa tír

Foilsitheoirí Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíonn roinnt foilsitheoirí saothar i nGaeilge amháin.

  • Altram: Bunathe i 1990 chun cúram luathbhlianta ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn i dtuaisceart na hÉireann, tá ceithre leabhar agus dlúth-cheirnín d'amhráin eisithe acu.
  • An Comhchoiste Réamhscoilíochta: Clónn siad ábhar do naíonraí agus leanaí in aois réamhscolaíochta.
  • An Coiste Téarmaíochta: Bunaithe i 1968 chun foclóirí de shainfhocail in earnáil éagsúla a chruinniú a faomhadh agus a fhoilsiú. Tá liosta ar fáil ar acmhainn.ie Curtha i gcartlann 2021-06-15 ar an Wayback Machine. Le cabhair an ríomheolaí Michal Mechura a bhí ag obair le fiontar cuireadh na bailiúcháin seo ar fad ar an foclóir ar líne Focal.ie Téarma .ie anois.
  • Darach Ó Scolaí, foilsitheoir srl
    An Comhlacht Oideachais: Bunaithe 1910, foilsitheoir léinn scoile, graiméar, léitheoirí, foclóirí, téascleabhra.
  • An Gúm: Tá an Gúm ag foilsiú leabhair i nGaeilge ó 1926 faoi choimirce Stát na hÉireann. Is iad an foilsitheoir Gaeilge is mó sa tír. Baineann a chuid foilsitheoireacht le foclóireacht, téacsleabhair agus acmhainní curaclaim eile go príomha, mar aon le hábhar do leanaí agus do dhaoine fásta. Lonnaithe i mBÁC.
  • An tÁisaonad: Leabhair do pháistí den chuid is mó. Lonnaithe in Ollscoil Naomh Muire, Béal Feirste.
  • An Timire Curtha i gcartlann 2019-12-08 ar an Wayback Machine: Foilsitheoir leabhair reiligiúnacha i nGaeilge é An Timire, agus an iris mhíosúil den teideal céanna.
  • An tSnáthaid Mhór: Bunaithe i 2005, sé a n-adhaim ná leabhair chomhaimseartha den scoth a fhoilsiú le léaráidí ilchasta do pháistí de gach aois. Lonnaithe i mBéal Feriste.
  • Ag Magadh: Bunaithe i 2019, ag Diarmuid Mac Conmhaoil chun a leabhar féin a chuir i gcló. Níl ainm an fhoilsitheora ar an leabhar.
  • Breacadh: Bunaithe i 2000, cuireann siad ábhar foghlama ar fáil d'fhoghlaimeoirí fásta. Lonnaithe i gCasla, Gaillimh, Tá SOLAS dhá mhaoiniú agus iad á stiúradh ag Boird Oideachais & Oiliúna na Gaeltachta.
  • Brian Ó Baoil: Bunaithe i 2019 ag an údar den ainm céanna chun a leabhar drámaíochta a fhéin fhoilsiú le cabhair lulu.
  • Bunscoil Phobal Feriste: Bunaithe i 1991 d'eisigh siad Leabhar Gramadaí a 2. Lonnaithe i mBéal Feirste.
An Timire: Foilsitheoir leabhair reiligiúnacha i nGaeilge é An Timire, agus an iris mhíosúil An Timire.
  • Carroll Education: (Carroll Heinemann): Foilsitheoir leabhair Gaeilge do dhaltaí scoile agus corr-leabhar i mBéarla acu.
  • Cló: Cló Léann na Gaeilge, Bunaithe i 2020, is ionphrionta acadúil atá ann seo. Togra tras-institiúideach ollscoile is ea CLÓ i bpáirt leis an teach foilsitheoireachta COMHAR.
  • Cló Chaisil: Foilsíonn siad leabhair dianganta do leanaí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Lonnaithe i mBÁC.
  • Cló Iar-Chonnacht: Bunaithe i 1985, chun saothar scríbhneoirí Gaeltachta a fhoilsiú. Tá os cionn 300 leabhar foilsithe aige, as Gaeilge go príomha, mar aon le dlúth-chéirníní ceol. Tá siad anois i bhfeighil ar theidil Sáirséal agus Dill agus Cois Life. Lonnaithe i gConamara, Gaillimh.
  • Clólann Bheann Mhadagáin: Saothair foghlama le dlúthcheirníní den chuid is mó atá á fhoilsiú acu, corrábhar i mBéarla.
  • Cló Litríocht: Bunaithe i 2010, tá sé mar aidhm acu cuidiú le húdair agus foilsitheoirí a shaothar a luibheanú[1]/dhigitiú. roinnt da leabhar féin eisithe ar líne acu. Lonnaithe i gCorcaigh agus Silicon Valley. Ní fios an ann dóbh a thuilleadh.
  • Cló Mhaigh Eo: Leabhair atá maisithe go maith i nGaeilge do leanaí agus do dhaoine óga. Lonnaithe i gClár Chlainne Mhuiris, Co Mhaigh Eo.
  • Cló Ollscoil Chorcaí: Bunaithe ó 1925 nó roimhe, foilsitheoir ábhar acadúil agus filíochta de chuid rannóg na Gaeilge in Ollscoil Chorcaigh.
  • COGG: Bunaithe i 1998, cuireann Comhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscoilíochta maoiniú ar fáil agus ar uairibh foilsíonn siad ábhar foghlamtha iad féin a bheadh feiliúnach chun úsáid ar scoil. 'Ficheall' (an t-aon treoirleabhar fichille Gaeilge) ceann amháin des na leabhair a mhaoinigh siad is a d'fhoilsigh siad. Lonnaithe i mBÁC
  • Coiscéim: Bunaithe ag Pádraig Ó Snodaigh i 1980, foilsíonn Coiscéim leabhair i ngach chineál réimse. Tá sé le maíomh acu gur fhoilsigh siad an leabhair Gaeilge is mó riamh (13 imleabhair Logainmneacha Mhaigh Eo le Fiachra Mac Gamhann) agus le h-idir 40 agus 60 leabhair á fhoilsiú gach bliain agus an líon teidil ag druidim níos gaire don 2,000 is iad an foilsitheoir príobháideach Gaeilge is mó dá bhfuil ann. Lonnaithe i mBÁC.
    Agus os cionn 1500 teideal acu, is é Coiscéim an foilsitheoir príobháideach is mó.
  • Comharchumann An Leath Thruaigh Curtha i gcartlann 2019-12-10 ar an Wayback Machine: Comharchumann i nGaeltacht Chiarraí, a bhfuil corr-leabhar foilsithe acu.
  • Comhairle Bhéaloideas Éireann Curtha i gcartlann 2020-10-29 ar an Wayback Machine: Bunaithe i 1972 nuair a d'aistríodh an bailiúchán go COBÁC, eisíonn siad saothar bunaithe ar an mBéaloideas i nGaeilge agus i mBéarla.
  • Cumann Carad na Gaeilge Curtha i gcartlann 2020-04-28 ar an Wayback Machine: Bunaithe in 1872, chun tacú leis an nGaeilge. Tá an iriseán 'An Gael' á gcur i gcló acu ó 1881 i leith. Lonnaithe i Nua Eabhrach.
  • Cumann na Scríbheann nGaedhilge Curtha i gcartlann 2021-11-15 ar an Wayback Machine: Bunaithe i 1898, tá eagráin de shaothair thábhachtacha aistrithe ag an Irish Texts Society ó réimse leathan de shean-litríochta na Gaeilge.
  • Dord Teo: Cló-ainm chomhlucht foilsitheoireachta Pheadair Uí Riada é seo, Leabhar amháin do leanaí atá i gcló ó 1993. Lonnaithe i gCúil Aodha, Corcaigh.
  • Éabhlóid: Bunaithe i 2010 foilsíonn siad leabhair do leanaí agus do dhaoine fásta. Lonnaithe i nDún na nGall.
  • Ealaín Art: Bunaithe i 2014, aon leabhair amháin atá ag an gcló-ainm seo: 'Malairtí' le Brenda McGuinness.
  • FÁS Curtha i gcartlann 2019-04-14 ar an Wayback Machine: (Foilseacháin Ábhair Spioradálta), Bunaithe 1 Feabhra 1916 ag cruinniú d'Aontas Mhánuat (“Aontas Mhá Nuad”) agus thug siad Cumann na Sagart nGaedhalach orthu féin. Bhí baint acu le foilsiú An Timire ar feadh i bhfad.
  • Fiontar: Craobh foilsitheoireachta Gaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
  • Fios Feasa: Bunathe i 1997 comhlacht foilsitheoireachta ilmheáin iad seo atá mar aidhm acu 'cultúir ársa na hÉireann a chur i láthair an tsaoil mhóir sna modhanna is rídhéanaí'. Tá neart saothar eisiúint acu.
Leabhar Breac -An Chláirseach agus an Choróin[2]
  • Foilsitheoirí na gCnoc: Bunaithe i 2016, Is cosúil go bhfuil siad cruthaithe chun an t-aon saothar scoile amháin a eisiúint.
  • ForSai: Comhlucht a fhoilsíonn saothair le Gary Bannister amháin. Lonnaithe i mBÁC.
  • Foras Na Gaeilge , cé go maoiníonn siad mórán foilsitheoirí, agus go bhfuil An Gúm faoina gcúram, foilsíonn siad go leor faoina gclóainm féin.
  • Futa Fata: Lipéad ceoil agus teach foilsitheoireachta ag táirgeadh leabhair agus dlúthdhioscaí i nGaeilge do leanaí agus do dhaoine óga. Lonnaithe in Indreabhán.
  • Gael Linn: Tá méid beag leabhair Gaeilge curtha i gcló ag Gael Linn ach clóann siad iriseáin scoile agus tá cúraimí eile ar fad orthu. Lonnaithe ar Shráid an Dáma, BÁC.
  • Gaelchultúr: Eagraíocht múineadh Gaeilge iad, eisíonn siad leabhair foghlama agus gramadaí.
  • Gaeil Uladh: Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, Lonnaithe i Leitir Cheannann i nDún na nGall.
  • Ionad Scríbhneoirí Luimnigh: Cló-ainm é seo a bunaíodh chun 'Luaithrigh Angela', an t-aistriúchán ar Angela's Ashes, a eisiúint.
  • Institiúid Oideachais Marino: Téascleabhra d'ábhair mhuinteoirí ar fhoghlaim na Gaeilge don cúrsa S.C.G. atá riachtanach chun an céim sa múinteoireachta a fháil.
  • Lámh Cúnta Curtha i gcartlann 2019-12-10 ar an Wayback Machine: Bunaithe ag Síle Ní Sheaghda LC chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí don mhúinteoir agus don dalta. Bhí 6 leabhar 'Learaí Litriú' foilsithe aici féna a h-ainm féin i 2005. Lonnaithe i Loch Garman.
  • Lámh in Airde Curtha i gcartlann 2017-11-15 ar an Wayback Machine: Aon leabhar amháin atá ag an gcló-ainm seo. Lámhleabhar gníomhaíochta, aclaíochta le Conchubhair Ó Muimhneacháin. Lonnaithe i gCorcaigh.
  • Leabhar Breac Curtha i gcartlann 2020-02-05 ar an Wayback Machine: Foilsitheoir litríochta d'ardchaighdeáin i nGaeilge. Clóann siad úrscéalta grafacha leis. Lonnaithe i gConamara.
  • Leabhair Chomhar: Cló-ainm eile de chuid Comhar Teo a fhoilsíonn an iris Comhar, a n-aidhm ná leabhair a fhoilsiú d'fhoghlaimeoirí fásta chomh maith le roinnt teideal ginearálta próis agus filíochta. Lonnaithe i mBÁC. Tá leabhair scoile foilsite faoin gcló-ainm Comhar Teoranta.
  • Lorlum: Bunaithe i 2008, Leabhair agus dluthcheirníní creidimh críostaí atá faoi chabadil acu. Lonaithe in Indreabhán, Gaillimh.
Cludach Leabhair Sheáin Uí Chuirreáin, foilsithe ag Cois Life
  • Mála Mór Curtha i gcartlann 2019-12-10 ar an Wayback Machine: Bunaithe i 2008, ag múinteoir a bhí ag iarraidh spraoi a thabhairt isteach sa rang Gaeilge. Tá leabhair i mBéarla acu anois freisin.
  • Meanga Fíbín: Bunaithe i 2008 Cló-ainm den chomhlucht drámaíochta Fibín, Lonnaithe i nGaillimh, leabhair amháin curtha i gcló acu.
  • Móinín Curtha i gcartlann 2019-12-08 ar an Wayback Machine: Litríocht i nGaeilge agus i mBéarla do pháistí, do óga agus do dhaoine fásta. Lonnaithe i gCo. An Chláir.
  • Muintearas Curtha i gcartlann 2019-12-22 ar an Wayback Machine: Bunaithe in 2012, cuireann siad ábhar foghlama luathbhlianta ar fáil. Lonnaithe i Leitir Móir, Gaillimh.
  • Oidhreacht Chorca Dhuibhne: Speisialtóirí i bhfoilsiú leabhar agus dlúthdhioscaí a bhfuil spéis ar leith acu i nGaeltacht Chiarraí.
  • Polca Phunc: Bunaithe i 2018 ag Doimnic Mac Giolla Bhríde chun an tarna leabhar dá chuid a fhoilsiú. Éabhlóid a d'fhoilsigh a chéad cheann Ící Pící. Lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall.
  • Ponc Press: Bunaíodh iad i 2014 i gclólann sa Daingean théis do Dominique Lieb filleadh ar an Eilvéis agus ainm Púca Press a thabhairt leithi. Clódóir litirphreasa is ea Ponc Press, a úsáideann cló-inneall bunaidh pláitín Heidelberg 1955.
  • Séideán Sí: Cuireann siad téascleabhra Gaeilge i gcló dos na bunscoileanna agus ábhar léitheoireachta do leanaí scoile. Baint acu leis An Gúm.
  • Spraoi: Foilsitheoir d'ábhar scoile, 8 Béiríní Beomhara, agus 5 Scéal Nua 7rl. Lonnaithe in Indreabháin.
  • Údar Curtha i gcartlann 2019-12-08 ar an Wayback Machine: Craobh foilsitheoireachta Ghlór na nGael, táirgeann siad leabhair do leanaí, cluichí boird, cártaí 7rl. Lonnaithe i Ráth Chairn,

Foilsitheoirí Béarla a fhoilsíonn leabhair Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Acadamh Ríoga na hÉireann: Tugann ARÉ /RIA tacaíocht don teanga le líon mhaith foilsiúcháin, tá coda amháin dá eite foilsitheoireachta dírithe i dtreo Ailtireacht, Stair, Léinn Cheilteach litearthacht agus litríocht.
  • An Cló Ceilteach Curtha i gcartlann 2019-12-10 ar an Wayback Machine: Bunaithe i 1976, Soláthrionn siad téascleabhra don mhéascoilíocht. The Celtic Press an teideal a thugann siad orthu féin dá shaothar Béarla. Baint acu le CJ Fallon.
  • An Comhlacht Oideachais (The Educational Company of Ireland (Edco)): Bunaithe in 1910, tá siad ar na príomh-fhoilsitheori leabhair scoile do bhunscoileanna agus Meánscoileanna, saothar i mBéarla agus i nGaeilge acu.
  • An Sagart: Bunaithe i 1964, Leabhair acadúla agus reiligiúnacha den chuid is mó ach roinnt filíochta agus próis freisin. Níl sé chomh gníomhach a thuilleadh ó d'éag a stiúrthóir an tAthair. Pádraig Ó Fiannachta. Leanann siad de bheith ag cló Irisleabhar Mhá Nuad gach bliain.
  • Aonad Forbartha Curaclaim Curtha i gcartlann 2019-12-10 ar an Wayback Machine: foilsíonn an Curriculum Development Unit i gColáiste Mhuire Gan Smál saothar i mBéarla agus i nGaeilge dos na bunscoileanna. Lonnaithe i Luimneach.
  • Appletree: Is ceann d'fhoilsitheoirí is mó inÉireann foilsíonn siad treoir leabhair don margadh idirnáisiúnta agus in ocht dteanga, an Ghaeilge san áireamh.
  • Arlen House: Bunaithe in 2011(?), taid dírithe i dtreo leabhair le tábhacht liteartha agus culturtha i mBéarla agus roinnt i nGaeilge.
  • Blackstaff Press Curtha i gcartlann 2019-08-13 ar an Wayback Machine: Comhlucht foilsitheoireachta Béarla, D'fhoisigh siad aon leabhar, Aibítir, do leanai i nGaeilge.
  • Bloomsbury: D'fhoilsigh siad seo an tsraith Harry Potter agus an leagan Gaeilge chomh maith.
  • Boosey & Hawkes: D'fhoilsigh siad amhráin as Gaeilge D'aon Ghuth. Lonnaithe i Sasana.
  • CCEA Curtha i gcartlann 2019-12-10 ar an Wayback Machine: Cuireann Council for the Curriculum, Examinations and Assessment saothar ar fáil i mBéarla do dhaltaí i dTuaisceart na hÉireann agus tá cuid fhoilsiúchán iomlán dírithe ar an nGaeloideachais.
  • CERT: D'fhoilsigh siad an leabhar dhátheangach Caidreamh Custaiméara Treoirlínte/ A Practical guide to Customer Relations i 1989.
  • CJ Fallon: Foilsíonn siad leabhair ceachtanna do bhunscoileanna agus meánscoileanna, go leor saothar i nGaeilge chomh maith.
  • Clonmacnois Press: Comhlucht foilsitheoireachta arb é craobhscaoileadh an tsoithscéal a n-adhaim, aon leabhar amháin i mórán teanga atá acu.
  • Collins: Foilsitheoir mór shaothar ar nós Foclóirí i mBéarla iad Collins, tá roinnt foclóirí agus ábhar oideachais curtha i gcló i nGaeilge acu.
  • Colourpoint Curtha i gcartlann 2019-12-11 ar an Wayback Machine: Foilsitheoir leabhair scoile do scrúduithe Meánscoile i dTuaisceart na hÉireann, leabhair Gaeilge acu. Nasc acu le Blackstaff. Lonaithe i mBéal Feriste.
  • Cork University Press Curtha i gcartlann 2023-04-08 ar an Wayback Machine: Foilsitheoir mór Béarla le corr leabhar i nGaeilge.
  • Dalen Éireann Curtha i gcartlann 2019-12-31 ar an Wayback Machine: Foilsitheoirí a d'fhoilsigh Tin Tin agus Asterix agus atá á gcló i dteangacha agus an Ghaeilge chomh maith.
  • Educate.ie[nasc briste go buan]: Foilsitheoir saothar bunscoile, meánscoile is iarpháipéirí scrúduithe freisin.
  • Enfo: Eisíonn siad bileoga agus leabhráin eolais do dhaltai scoile i mBéarla agus i nGaeilge.
  • Everytype: Foilsíonn siad seo leabhair i mórán teangacha, an Ghaeilge san áireamh.
  • Coiscéim - Fréamh an eolais
    Folens: Bunaithe i 1958 le leabhair teagaisc Fraincise i nGaeilge a chur ar fáil. Tá siad ar na foilsitheoirí is faide atá ag soláthar ábhar do scoileanna, tá saothar do dhaltai na Gaeilge agus Gaelscolaíochta acu freisin.
  • Forum Publications: Bunaithe i 2003, foilsitheoir iad atá iomlán dírithe ar leabhair don teastas sóisearach agus don ardteist, tá leabhar amháin Gaeilge acu don scrúdú ghnáth leibhéal na hardteiste.
  • FFS: Foilsíonn Feidhmeanach na Seirbhís Sláinte (HSE) lámhleabhra dírithe ar shláinte do dhaltai scoile agus do tsochaí i gcoitinne. Bíonn siad i mBéarla chomh maith.
  • 4Schools Curtha i gcartlann 2019-12-10 ar an Wayback Machine: Tá na foilsitheoirí seo dírithe ar tháirgí agus acmhainní cumarsáide a sholáthar do bhun is meánscoileanna, tá beagán ábhair i nGaeilge acu.
  • Gill Books: Tugadh Gill & MacMillen orthu go dtí roinnt blianta ó shin, Saothar ilchineálach i mBéarla atá acu ach tá roinnt ábhar á gcur i gcló acu i nGaeilge.
  • Institiúid Ard-léinn na hÉireann (DIAS): Tá clár foilsitheoireachta acu atá dírithe i dtreo cloadhanna acadúla ar chúrsaí Ceilteach, tá roinnt acu seo i nGaeilge. Lonaithe i mBÁC.
  • Irish Academic Press: Bunaithe i1979 le béim ar stair na tíre, d'fhoilsigh siad an leabhar Drámaí An Phiarsaigh i 2013. Ní fheictear go bhfuil aon leabhar eile le Gaeilge ann foilsithe acu.
  • Irish Pages: Bunaithe i 2002, irisleabhar dhá -theangach Gaeilge Béarla atá ann, bhí eagrán Meán Fómhair 2010 dírithe ar an nGaeilge amháin.[3]
  • Ladybird: Bunaithe in 1867, d'fhoilsíodar aistriú de shraith leabhar do leanaí, Lúidín Ó Laoi (Rumpelstiltskin), Coladh Céad Bliain (sleeping Beauty) 7rl ins na 1970dí. Tá cinn úra curtha amach acu le déanaí. Lonnaithe i Sasana.
  • Lagan Press: Curtha i gcartlann 2021-05-26 ar an Wayback Machine: Bunaithe i 1991 ag Patrick Ramsey agus Pól Ó Muirí mar eagarthóir saothar i nGaeilge. Tá thart fá 10 theideal i nGaeilge foilsithe acu. Lonnaithe i nDoire
  • Lulu: Comhlucht féin fhoilsiú é seo, rinneadh Avril O'Reilly leagan Gaeilge de 'A Fairy in the House' is thug sí 'Sióg sa Teach' air. Lonnaithe i Meirceá.
  • Mantra Lingua: Foilsíonn siad leabhra dhá-theangacha - Béarla go rogha 50-70 teanga. Tá 7 leabhar Béarla go Gaeilge do leanaí acu. Lonnaithe i Sasana.
  • Mentor Books: Foilsitheoir leabhair scoile den chuid is mó, roinnt beag ábhair i nGaeilge.
  • Mercier Press: Foilsitheoirí saothar Béarla as Éireann ceithre leabhar Gaeilge /dhátheangach acu ar a suíomh.
  • New Island Press: Bunaithe ins na 1990dí is foilsitheoir Béarla iad seo. Tá beagnach dosaen teideal Gaeilge curtha i gcló acu. Tá leaganacha de shaothar Gary Bannister a d'fhoilsigh sé le ForSai chomh maith.
  • O'Brien Press: Foilsitheoirí saothar Béarla ar fad, tá sraith leabhar agus corr cheann eile i nGaeilge do pháistí acu, úsáidtear 'Ó Briain' mar chló-ainm dá leabhair Gaeilge ar uairibh.
  • Oifig an tSoláthair: Oifigh na bhfoilseacháin Rialtais iad seo a fhoilsíonn chuile ní a eisíonn an rialtas. Bíonn siad i mBéarla agus i nGaeilge. Foilsíonn siad nithe in éindí leis an Gúm ar uairibh.
  • Poolbeg Curtha i gcartlann 2020-09-23 ar an Wayback Machine: Foilsitheoir mór Béarla, ábhar do pháistí acu i nGaeilge. Lonnaithe i mBÁC
  • Prime-Ed,: Foilsitheoirí saothair scoile, roinnt acu i nGaeilge.
  • Red Stag: Bunaithe i 2018, cló-ainm eile ag Mentor iad seo atá ag cló an tsraith dhátheangach Fadó.
  • RTÉ: Foilsíonn RTÉ saothar a dtéann le cláracha teilifíse a chraolann siad. Tá roinnt leabhra i nGaeilge foilsithe acu.
  • Simon and Schuster: Foilsitheoirí móra Meiriceánach, Chló siad leagan Gaeilge de leabhair bunaithe ar an mbeochan 'Dóra The Explorer' ar nós Téann Dóra ar Scoil agus oíche Mhaith a Dora.
  • Usborne Curtha i gcartlann 2022-01-28 ar an Wayback Machine: Foclóirí do leanaí i dteangacha éagsúla sa domhain atá á chló acu, roinnt cinn i nGaeilge agus cartaí foghlamtha leis.
  • Veritas: Foilsitheoir leabhair diaganta i mBéarla den chuid is mó le roinnt bheag i nGaeilge. Siadsan a fhoilsíonn an tsraith dhátheangach Fadó.
  • Walker Éireann Curtha i gcartlann 2019-12-06 ar an Wayback Machine: Foilsitheoirí i Sasana iad Walker atá dhá leabhar do leanaí foilsithe i nGaeilge acu.
  • YLolfa[nasc briste go buan]: Foilsitheoirí Béarla agus Breatanaise. Tá roinnt bheag teidil acu i ngaeilge chomh maith. Lonaithe sa Bhreatain Bheag

Foilsitheoirí Gaeilge nach bhfuil ag foilsiú a thuilleadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Clóchomhar: Bunaithe ag an t-iriseoir Seosamh Ó Duibhginn i 1954. Tháirg siad líon mór leabhar a raibh spéis ghinearálta agus acadúil iontu, agus chuir siad cás na hÉireann go minic i bpeirspictíocht níos leithne. Tháinig stop lena gcuid foilsiúcháin sa bhliain 2008 nuair a ghlac Cló IarChonnacht cúraimí a stoic. Bhí siad lonnaithe i mBÁC
  • An Preas Náisiúnta: D'fhoilsigh siad saothar Bhrian Uí Nualláin, An Béal Bocht i 1949 tar éis do Bhrún agus Ó Nualláin diúltú de.
  • Brún agus Ó Nualláin: Inphrionta a d'úsáid an comhlacht Browne and Nolan do leabhair Ghaeilge a d'fhoilsigh siad.
  • Carbad: Bunaithe ag Mícheál Mac Aonghusa, Liam Mac Cóill agus Seán Mac Mathúna (CnaG) sa bhliain 197. Foilsitheoirí páirt-aimseartha a bhí iontu. D'fhoilsigh siad Fonn aníos Fiach le Pádraig Ó Maoileoin i 1978, leagan de Séadhna le Liam Mac Mathuna, agus Venéiseach Éigin a d'aistrigh an scríbhneoir Pádraig Ó Snodaigh 1983, Pleanáil Teanga in Éirinn le Seán Ó Riain. Tháinig deireadh lena chuid gníomhaíochtaí sa bhliain 198? Rinne Leabhar Breac roinnt teideal a athfhoilsiú.
  • Ceardsiopa Inis Oírr Teo. Bunaithe i 1978 ag Pacella agus Dara Ó Conaola, d'eisigh siad na lámhleabhair Cuairt ar Oileáin Árainn do thurasóirí. tháinig deireadh le seo i 2003 le teacht an ré dhigiteach.
  • Cló Chonamara: Foilsíodh an chéad leabhar leo i 1983 (Leacht na Laige le Máirtín Ó Corrbhuí) agus an leabhar deireanach i 1988 (AD 2016 le Pádraig Standúin). Ghlac Leabhair Breac an stoc chucu is tá á dhíol ar a suíomhsa.
  • Cló Chois Fharraige: Bhí siad ann ins na 1970dí cinnte is roimhe is ina dhiaidh is dócha. Bhí siad lonnaithe in Indreabhán.
  • Cló Dhún An Óir: Bbunaithe ag Máire Bean Uí Bhroin, d'fhoilsgh siad Caint comhrá Gaeilge do Naíonáin - Rang a 6.
  • Cló Morainn: Bhunaigh Dónal Ó Móráinn é seo sna 1950dí
  • Clódhanna Teoranta: Craobh fhoilsitheoireachta Chonradh na Gaeilge.
  • Cló Oirghialla: (Eolas fúthu le líonadh anseo) ach bhí siad gníomhach idir 1971 agus 1979. d’fhoilsigh siad An Lochrann Ur le Feidleime Ni Bhroin sa bhliain 1974 agus na sínte fada in easnamh.
  • Cló Thalbóid: Bunaithe in 1913, inphrionta de chuid The Educational Co.
  • Coimicí Gael: Bunaithe i 2011, foilsitheoir irisí meardhearáin/greanáin i nGaeilge, bhí an dá shraith Rí Rá agus Ruaille Buaille acu, chuir siad deireadh leis i 2016. Bhí siad Lonnaithe i mBÁC.
  • Cois Life Curtha i gcartlann 2017-03-03 ar an Wayback Machine: Bunaithe i 1995, d'fhoilsigh siad saothair liteartha agus acadúla go dtí 2019. Tá an suíomh fós ag díol leabhair. Tá Cló Iar-chonnacht ag glacadh cúraim an stoc leabhair atá fós acu. Lonnaithe i mBÁC.
Oifig an tSoláthair, 1944[4]
  • Comhartha na dTtrí gCoinneall:
  • Comhluadar Curtha i gcartlann 2018-04-10 ar an Wayback Machine: Bunaithe i 1993 chun ag teacht i gcomharbas ar ghluaiseacht na dteaghlaigh Gaelacha. Tarraingíodh a gcúraimí isteach fé scáth Ghlór na nGael nuair a bhí maoiniú á dtarraingt siar ón 19 eagras Gaeilge chun 6 gcinn a dhéanamh daofa i 2013. Pé saothar a d'fhoilsíodar ghlac Údar faoina chúram iad
  • Comhlucht an Oideachais:
  • Foilseacháin Ábhar Spiroadálta: Curtha i gcartlann 2019-04-14 ar an Wayback Machine Bunaíodh Foilseacháin Ábhair Spioradálta i 1956 faoi choimirce Ord na nÍosánach, chun leabhair a sholáthar i nGaeilge ar ábhair a bhaineann le creideamh agus leis an gcultúr Críostaí. Bhí leabhair á bhfoilsiú go tráthrialta idir sin agus 1998 - os cionn trí scór acu.
  • FNT (Foilsiúcháin Náisiúnta Teoranta): Inphrionta de chuid Inniu, a cheannaigh an Mayo News (Cathair na Mart) in 1947 chun deimhin a dhéanamh de chló na hirise. Scoireadh an comhlacht 1988.
  • FNT (Forbairt Naíonraí Teoranta): Tháinig siad seo i gcomharbas ar an gcomhchoiste réamh-scoilíochta, d'fhoilsigh siad leabhra do dhaltaí réamh-scoilíochta, tháinig deireadh leo i 2015, tugadh an saothar thar n-ais dos na húdair is ghlac Gaeloideachais lena gcuid cúraimí.
  • Gael-Link Curtha i gcartlann 2019-12-10 ar an Wayback Machine: Bunaithe ag an dearthóir Fiachra Ó Torna, d'eisigh sé Dialann Dúlra dhá bhliain i ndiaidh a chéile agus bhí an-rath orthu. D'éirigh sé as i 2012.
  • Gathanna Gréine Curtha i gcartlann 2019-12-12 ar an Wayback Machine: Bunaithe i 2011, d'fholsigh siad roinnt bheag leabhar Curtha i gcartlann 2020-12-08 ar an Wayback Machine, dúnadh[5] an comhlacht i 2017. Bhí siad lonnaithe i nGaillimh.
  • Glór na nGael: Foilsiteoir leabhair agus áiseanna teagaisc, d'athraigh siad a gcló-ainm go Údar atá beo i gcónaí.
  • Helicon Teoranta: Sa bhliain 1980 d'fhoilsigh siad Deoraíocht le Pádraic Ó Conaire (ina raibh réamhrá ó Micheál Mac Liammóir) agus Tobar na Gaeilge.
  • Ionad na Muinteorí Dúbailt: Is cosúil gur dream as Doire a bhí ann seo agus a bhí ag foilsiú leabhair do leanaí scoile 'Go Ciúin Fáilí'[6], Ginias-ar-Cíos[7] agus araile.
  • Ionad Oideachais Luimnigh : Le maoiniú ó COGG d'fhoilsigh siad 4 leabhair scoile ar sheandálaíocht. Limerick Education Centre.
  • ITÉ: D'fhoilsigh Institiúid Teangeolaíochta Éireann leabhra acadúla maidir le Gaeilge in Éirinn an lae inniu. Ní ann don institiúid a thuilleadh.
  • Maunsel and Roberts: D'fhoilsigh siad 'Gaeilge sa mBaile' le Máire Ni Cheallacháin i 1922.
  • M. H. Mac an Ghoill: Bhí siad seo ag foilsiú leabhra ceachtanna Gaeilge ag tús an 19ú céad. Lonnaithe i mBÁC. Gill books an t-ainm atá orthu anois.
Oifig an tSoláthair, 1938 - Sean-Eoin[8]
  • Na Naíonraí Gaelacha,: Buanithe i 1974 chun cuidiú le bunú naíonraí Gaeilge, d'eisigh siad leabhra, agus áiseanna, tháinig FNT i gcorbacht orthu.
  • Páistí Press: Bunaithe i 2011 ag Jean Ní Arrachtáin, comhlacht foilsitheoireachta dhátheangach. D'fhoilsigh siad 'Réiltín agus Banraion na Gealaí' agus b'shin é. Tháinig siad chun deireadh i 2013.
  • Preas Dhún Dealgan:
  • Púca Press: Bunaithe i 2007. Foilsitheoir beag lonaithe i gclólann sa Daingean a bhí iontu a tháirg leabhair lámhchlóite i nGaeilge i mBéarla agus i nGearmáinis ag baint feidhme as an inneall bunaidh pláitín Heidelberg 1955. Dominique Lieb a rinne na maisiúcháin orthu ar fad. Tháinig Ponc Press i gcorbacht orthu nuair a bhog Dominique thar n-ais chuig an Eilvéis i 2014.
  • Sáirséal agus Dill: Bunaithe i 1945, tamall tar éis bhás Sheáin Sáirséal Uí Éigeartaigh ghlac Caoimhín Ó Marcaigh an gnó ar láimh agus d'athraigh an t-ainm ar ball go Sáirséal Ó Marcaigh. Ba é an aidhm a bhí acu ná litríocht na Gaeilge a fhorbairt agus cuidiú le scríbhneoirí Gaeilge. D'fhoilsigh siad 200 leabhar. Ghlac Cló iar-Chonnachta cúram an stoc ar fad nuair a cailleadh Ó Marcaigh.
  • TeleGael: Comhlucht teilfise atá iontu seo ach do chuir siad roinnt leabhair do pháistí ar an margadh an chéad cheann i 1989 agus an ceann deireanach i 1998.
  • Tiobrad Arann ag Labhairt: D'fhoilsigh siad an foclóir Gaeilge Gach Lá. agus Scéal Gach Lá. Níl ach aon trácht amháin orthu ar an idirlíon[9] .

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Foclóir Gaeilge–Béarla (Ó Dónaill): luibhean" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2019-12-12.
  2. Liam Mac Cóil (2010.). "An Chláirseach agus an Choróin : Seacht gCeolsiansa Stanford /". Leabhar Breac,. 
  3. IRISH PAGES Vol 5 No 2, The Irish Issue ISBN 0-9544257-7-4
  4. Cathal Ó Sandair (1944.). "Dúnmharbhú i bPáirc an Chrócaigh /". Oifig an tSoláthair,. 
  5. "Gathanna Gréine Teoranta - Irish Company Info - Vision-Net". www.vision-net.ie. Dáta rochtana: 2019-12-12.
  6. Angharad Tomos (1999.). "Go ciúin fáilí /". Clár Speisialta Tacaíochta um Shíocháin agus Athmhuintearas,. 
  7. "Ginias-ar-cíos, / Gillian Cross a scríobh ; Glenys Ambrus a mhaisigh ; Anna Mhic Laifeartaigh a chur i nGaeilge. - National Collection of Children's Books". nccb.tcd.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-12. Dáta rochtana: 2019-12-12.
  8. Máirín Cregan (1938.). "Sean-Eoin /". Oífig an tSoláthair,. 
  9. "Áiseanna do mhúineadh na Gaeilge - PDF Free Download". hobbydocbox.com. Dáta rochtana: 2019-12-10.