Fithis
Cuma
Is éard is fithis ann sa réalteolaíocht ná an chonair a leanann rinn neimhe nó satailít agus í ag gluaiseacht i réimse imtharraingthe. Más dhá rinn amháin atá san áireamh, is féidir an fhithis a ríomh go han-chruinn, agus foirm ghearrtha cónaigh a bhíonn inti, is é sin parabóil, éilips, nó ciorcal. Is fithis gheocónaitheach a bhíonn ag satailít teileachumarsáide nó teilifíse ag airde 36,000 km os cionn an mheánchiorcail, ionas go bhfanann sí i gcéim le rothlú an Domhain agus san ionad céanna sa spéir, i leith an Domhain, t-am ar fad, rud atá riachtanach don teileachumarsáid.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fithis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 274.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |