Éilips
Jump to navigation
Jump to search
Sa mhatamaitic, lócas pointe a ghluaiseann ionas go bhfanann suim an dá fhad ó dhá phointe fhosaithe (na fócais) tairiseach. Is féidir é a shainmhíniú freisin mar thrasghearradh cóin dhúbailte, nó lócas pointe a ghluaiseann ionas go bhfuil a fhad ón bhfócas i gcomhréir lena fhad ó líne fhosaithe (an treoirlíne), agus an tairiseach comhréire níos lú ná 1. Is í seo cothromóíd éilipse i gcomhordanáidí Cairtéiseacha: x2/a2 + y2/b2 = 1. Is í cothromóid pholach éilipse, agus an fócas mar phol is an phríomhais mar threoirlíne, ná r = 1/(1 + e cos θ). Gluaiseann na pláinéid timpeall na Gréine in éilipsí, agus is iomaí úsáid a bhaintear as an gcruth san ealaín is an ailtireacht.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |