Satailít loingseoireachta
Ó thús ama bhain mairnéalaigh feidhm as na réaltaí chun loingseoireachta. Le blianta anois tá loingseoireacht nua-aoiseach leictreonach bunaithe ar na réaltaí nua — satailítí teileachumarsáide — in úsáid.[1]
Fithisithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá na satailítí seo i bhfithisí fosaithe, agus tarchuireann siad bíogchomharthaí raidió an t-am ar fad.
Loingseoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus córas suite domhanda (GPS) ar bord, glacann an long nó an t-eitleán na bíoga seo ó roinnt de na satailítí agus ríomhann domhanleithead is domhanfhad an árthaigh go leanúnach.
Cabhraíonn an córas seo chun longa a dhíriú amuigh ar an bhfarraige agus calafort a aimsiú an t-am ar fad, fiú i ndrochaimsir agus istoíche.
San Eoraip
[cuir in eagar | athraigh foinse]Galileo an t-ainm atá ar chóras satailíte na hEorpa (nó "Córas Domhanda Loingseoireacht Satailíte an Aontais").[2] Ar 21 Deireadh Fómhair 2011, le lainseáil an chéad satailít oibríochta de chuid an chláir Galileo, thóg an tAontas Eorpach céim mhór i dtreo córas loingseoireachta satailíte dá chuid féin a bheith aige[3].
Inniu úsáidtear Galileo gach aon lá san iliomad cásanna, ina measc éigeandálaí ar na farraigí móra, turais bóthair, ar fhóin phóca agus fiú ag imeachtaí spóirt.[4] Cuidíonn Galileo le hiompar, seirbhísí tarrthála, idirbhearta baincéireachta agus soláthar leictreachais a fheabhsú.[5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmaid Mac Mathúna (EAGRÁN 83 · MÁRTA 2008). "An spásrás comhaimseartha: níl Éire dtús cadhnaíochta" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-10-21.
- ↑ esa.int. "Galileo" (en). www.esa.int. Dáta rochtana: 2020-10-21.
- ↑ Aontas Eorpach (2016-06-16). "A decade of opportunities and challenges" (ga). European Union. Dáta rochtana: 2020-10-21.
- ↑ JOSÉ DIAS (2018-11-12). "An tsnáthaid mhór a thóraíocht san fhásach: Mar a tharrthálann an tAontas daoine le cabhair satailítí" (ga). EU Protects - European Commission. Dáta rochtana: 2020-10-21.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Saitilít loingseoireachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 575.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |