Felipe González
Dlíodóir agus iar-Phríomh-Aire na Spáinne ab ea Felipe González Márquez (a rugadh ar 5 Márta 1942).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céimí dlí de chuid Ollscoil Sevilla is ea González. Thosaigh sé ag cleachtadh an dlí fostaíochta sa bhliain 1966.[1] Ag an am céanna, bhí sé ag teagasc an ábhair san Ollscoil. Trína chuid oibre mar dhlíodóir fostaíochta, neartaigh an baint a bhí aige le gluaiseacht an cheardchumannachais agus leis an bPáirtí Sóisialach, a bhí araon faoi choim, gaol a thosaigh nuair a bhí sé ina mhac léinn.
Ceannaire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoi theacht an daonlathais i lár na 1970idí, bhí González tagtha chun cinn mar an ceannaire is tábhachtaí ar an eite chlé i bpolaitíocht na Spáinne, tar éis éirí leis i dtroid chun an PSOE (Partido Socialista Obrero Español, Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre Spáinneach) a chur ar bhealach ní ba mheasartha agus ní ba phragmataí.
Bhí González ina Phríomh-Aire ó 1982 go 1996.Bhí i gceannas ar an PSOE nuair a bhuaigh sé ceithre olltoghchán.
Leasuithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le linn dó a bheith i gcumhacht, rinneadh leasuithe sóisialta móra, mar an ginmhilleadh a dhéanamh dleathach go pointe áirithe, agus chuaigh an Spáinn isteach sna Comhphobail Eorpacha (sa bhliain 1986).
Chuir González ina luí ar an PSOE teacht ar mhalairt cinnidh maidir le bhallraíocht na Spáinne in ECAT agus bhí an lá leis i reifreann faoin gceist sin sa bhliain 1989.
I rith na ndeich bliana deireanacha a raibh sé ina Phríomh-Aire, tháinig sé chun cinn mar dhuine de na daoine ba mhó le rá i gcúrsaí polaitíochta sa Chomhphobal Eorpach, go mór mór sa tréimhse idir titim bhalla Bheirlín agus daingniú Chonradh Maastricht.
Laistigh den Spáinn is mó an chonspóid a tharraing a oidhreacht pholaitiúil, den chuid is mó mar gheall ar líon mór scannail ag baint lena rialtas (ag deireadh na tréimhse a bhí sé i gcumhacht go háirithe) agus mar gheall ar na teaicticí (scuaid mharaithe san áireamh) a bhí á n-úsáid i gcoinne fheachtas sceimhlitheoireachta ETA.
Níltear ar aon tuairim, beag ná mór, agus measúnuithe á ndéanamh ar a raibh bainte amach aige ó thaobh an gheilleagair de ach an oiread, ó rud é go raibh borradh suntasach faoin ngeilleagar sna 1980idí/1990idí, in éineacht le bearta nualiobrálacha (nár ghlac a lán daoine ar an eite chlé leo riamh).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Felipe Gonzalez". Dáta rochtana: 2021.