ETA

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
ETA BASQUE.png

Is eagraíocht armtha mhídhleathach é Euskadi ta Askatasuna (as Gaeilge, Tír na mBascach agus Saoirse), a bhfuil aithne níos fearr uirthi mar ETA.

D'úsáid an ballraíocht modhanna foréigin cosúil le dúnmharú, fuadach, sracadh agus foréigean sráide chun a chuspóirí a ghnóthú - bunadh stát neamhspleách don mhuintir Bhascach i dtuaisceart na Spáinne agus iar-dheisceart na Fraince.

Idir 1960 – 2010, fuair timpeall 1114 bás in iomlán, agus b'fhéidir 486 sna fhorsaí slándála nó sa rialtas. san áireamh sin.[1]

Múrphictiúr ar son ETA , 2003

nuachtán ann "Gara" (www.gara.net), atá ceangailte go dlúth le Batasuna (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA)

Day of the Basque Soldier at Aritxulegi, Oiartzun, Gipuzkoa (2008)

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhírigh ETA a gcuid buamaí de ghnáth ar phóilíní agus ar bhaill den Guardia Civil (macasamhail an Gharda Síochána in Éirinn).

1973[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 20 Nollaig 1973, feallmharaíodh Luis Carrero Blanco, faisisteach, agus príomh-aire na Spáinne. Chuir ETA buama ollmhór faoin mbóthar, 80 cileagram dinimíte a bhí ann.[2] D'imigh an réimeas faisisteach le sruth ina dhiaidh a bháis. Bhí Francisco Franco féin ag dul in aois ag an am.

2004[cuir in eagar | athraigh foinse]

Múrphictiúr ar son ETA in Alsasua na Spáinne

Tháinig athrú suntasach ar shaol polaitiúil na Spáinne i ndiaidh an olltoghcháin a bhí ann ar an 14 Márta 2004, trí lá i ndiaidh uafáis an 11 Mártaː Buamáil na dtraenacha i Maidrid.[3]

Ar an lá céanna, d’ordaigh Ana Palacio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, do gach ambasadóir Spáinneach gach deis a thapú chun an teachtaireacht a chur trasna gurbh iad ETA a bhí ciontach as an sléacht. Fiú ghlac 1530 Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe gurb é ETA a bhí freagrach as an sléacht.[4][5]

Ach oíche roimh an olltoghchán, ghlac rialtas an Partido Popular (ar an eite dheis) leis an bhféidearthacht nach raibh ETA, ach sceimhlitheoirí Ioslamacha, ciontach as an ár, rud a raibh na meáin chumarsáide eachtrannacha cinnte dearfach de an lá roimhe sin. Bhí an chuid is mó de mhuintir na Spáinne bréan de bhréaga an Partido Popular agus bhí léirsithe spontáineacha os comhair phríomhoifig an Partido Popular i Maidrid agus i gcathracha eile. Is é an mana a bhí le cloisteáil ná "queremos la verdad antes de votar": “táimid ag iarraidh na fírinne sula gcaithimid ár vótaí”. Bhí bua ollmhór ag an Partido Socialista san olltoghchán an lá dár gcionn.

Agur eta ohore xabier anjel 01.JPG

2004-2005[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ritheadh bille thar a bheith conspóideach a dtugtar "Plean Ibarretxe" air (is é José Luis Ibarretxe lehendakari, nó Príomh-Aire, na mBascach) sa pharlaimint réigiúnach Bhascach ag deireadh mhí na Nollag 2004. Ba é cuspóir an bhille seo leasú a dhéanamh ar an reacht féinrialach Bascach chun Saorstát Bascach a bhunú a bheadh ceangailte le Stát na Spáinne.[6]

2006[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhógair ETA sos cogaidh ar an 24 Márta 2006, tar éis 817 duine a mharú le linn a bhfeachtais. Ach ghlac ETA le pléascadh buama in aerfort Mhaidrid, Barajas, ar an 30 Nollaig 2006 inar maraíodh beirt, tar éis don rialtas Spáinneach buaileadh leo go rúnda le linn na míosa sin.

20110-2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig sos cogaidh buan i bhfeidm.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Basque conflict" (in en) (2020-11-26). Wikipedia. 
  2. "Assassination of Luis Carrero Blanco" (in en) (2020-12-12). Wikipedia. 
  3. Carmen Rodríguez (2004). "Iarracht an Partido Popular dallamullóg a chur ar mhuintir na Spáinne" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-20.
  4. "United Nations Security Council Resolution 1530" (in en) (2020-01-31). Wikipedia. 
  5. trepo.tuni.fi. ""Political responses to terrorism" lch 147". Dáta rochtana: 2020.
  6. Carmen Rodríguez (2005). "Is beag seans atá ann go n-éireoidh le Plean Ibarretxe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-12-20.