Felipe González

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFelipe González

(1991) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) Felipe González Márquez
Beathaisnéis
Breith5 Márta 1942
82 bliana d'aois
Sevilla, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí
29 Márta 2000 – 2 Aibreán 2004
Téarma parlaiminte: 7th legislature of Spain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Seville (en) Aistrigh

Ball de Chomhdháil na dTeachtaí
26 Márta 1996 – 5 Aibreán 2000
Téarma parlaiminte: 6th legislature of Spain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Maidrid

Ball de Chomhdháil na dTeachtaí
24 Meitheamh 1993 – 9 Eanáir 1996
Téarma parlaiminte: 5th legislature of Spain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Maidrid

Ball de Chomhdháil na dTeachtaí
16 Samhain 1989 – 13 Aibreán 1993
Téarma parlaiminte: 4th legislature of Spain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Maidrid

Ball de Chomhdháil na dTeachtaí
7 Iúil 1986 – 2 Meán Fómhair 1989
Téarma parlaiminte: 3rd legislature of Spain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Maidrid

Príomh-Aire na Spáinne
2 Nollaig 1982 – 4 Bealtaine 1996
← Leopoldo Calvo-SoteloJosé María Aznar →
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí
5 Samhain 1982 – 23 Aibreán 1986
Téarma parlaiminte: 2nd legislature of Spain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Maidrid

3 Ard-Rúnaí an Partido Socialista Obrero Español
28 Meán Fómhair 1979 – 21 Meitheamh 1997
← Felipe GonzálezJoaquín Almunia →
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí
20 Márta 1979 – 18 Samhain 1982
Téarma parlaiminte: 1st legislature of Spain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Maidrid

Ball de Chomhdháil na dTeachtaí
2 Iúil 1977 – 2 Eanáir 1979
Téarma parlaiminte: Constituent legislature of Spain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Maidrid

3 Ard-Rúnaí an Partido Socialista Obrero Español
13 Deireadh Fómhair 1974 – 20 Bealtaine 1979
← Rodolfo LlopisFelipe González → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Sevilla - dlí (–1965)
Instituto San Isidoro (en) Aistrigh
Ollscoileanna i Lováin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht agus dlí an tsaothair
Suíomh oibre Maidrid Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmlabor law specialist (en) Aistrigh (1966–), polaiteoir, duine den lucht gnó, scríbhneoir, saineolaí dlí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialach Oibrithe na Spáinne (1964–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidManuel Clavero Arévalo
TeangachaAn Spáinnis
Teaghlach
CéileCarmen Romero López (1969–2008)
Mar García (en) Aistrigh (2012–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFelipe González (en) Aistrigh  agus Juana Márquez (en) Aistrigh
Gradam a fuarthas
Síniú


IMDB: nm0328158 Cuir in eagar ar Wikidata
1975

Dlíodóir agus iar-Phríomh-Aire na Spáinne ab ea Felipe González Márquez (a rugadh ar 5 Márta 1942).

1985

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Céimí dlí de chuid Ollscoil Sevilla is ea González. Thosaigh sé ag cleachtadh an dlí fostaíochta sa bhliain 1966.[1] Ag an am céanna, bhí sé ag teagasc an ábhair san Ollscoil. Trína chuid oibre mar dhlíodóir fostaíochta, neartaigh an baint a bhí aige le gluaiseacht an cheardchumannachais agus leis an bPáirtí Sóisialach, a bhí araon faoi choim, gaol a thosaigh nuair a bhí sé ina mhac léinn.

Ceannaire[cuir in eagar | athraigh foinse]

1990

Faoi theacht an daonlathais i lár na 1970idí, bhí González tagtha chun cinn mar an ceannaire is tábhachtaí ar an eite chlé i bpolaitíocht na Spáinne, tar éis éirí leis i dtroid chun an PSOE (Partido Socialista Obrero Español, Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre Spáinneach) a chur ar bhealach ní ba mheasartha agus ní ba phragmataí.

Bhí González ina Phríomh-Aire ó 1982 go 1996.Bhí i gceannas ar an PSOE nuair a bhuaigh sé ceithre olltoghchán.

Leasuithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn dó a bheith i gcumhacht, rinneadh leasuithe sóisialta móra, mar an ginmhilleadh a dhéanamh dleathach go pointe áirithe, agus chuaigh an Spáinn isteach sna Comhphobail Eorpacha (sa bhliain 1986).

Chuir González ina luí ar an PSOE teacht ar mhalairt cinnidh maidir le bhallraíocht na Spáinne in ECAT agus bhí an lá leis i reifreann faoin gceist sin sa bhliain 1989.

I rith na ndeich bliana deireanacha a raibh sé ina Phríomh-Aire, tháinig sé chun cinn mar dhuine de na daoine ba mhó le rá i gcúrsaí polaitíochta sa Chomhphobal Eorpach, go mór mór sa tréimhse idir titim bhalla Bheirlín agus daingniú Chonradh Maastricht.

2014

Laistigh den Spáinn is mó an chonspóid a tharraing a oidhreacht pholaitiúil, den chuid is mó mar gheall ar líon mór scannail ag baint lena rialtas (ag deireadh na tréimhse a bhí sé i gcumhacht go háirithe) agus mar gheall ar na teaicticí (scuaid mharaithe san áireamh) a bhí á n-úsáid i gcoinne fheachtas sceimhlitheoireachta ETA.

Níltear ar aon tuairim, beag ná mór, agus measúnuithe á ndéanamh ar a raibh bainte amach aige ó thaobh an gheilleagair de ach an oiread, ó rud é go raibh borradh suntasach faoin ngeilleagar sna 1980idí/1990idí, in éineacht le bearta nua-liobrálacha (nár ghlac a lán daoine ar an eite chlé leo riamh).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Felipe Gonzalez". Dáta rochtana: 2021.