Feargna mac Aonghasa Iobhdaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFeargna mac Aonghasa Iobhdaigh
Beathaisnéis
Básc. 557

Rí na nUladh den Dál Fiatach ba ea Feargna mac Aonghasa Iobhdaigh (Sean-Ghaeilge Fergnae mac Óengusso Ibdaig[1]) (bás 557). Nia Mhuireadaigh Mhuindheirg mhic Fhorga (bás 489) ba ea é, agus garmhac Fhorga mhic Dhalláin, iar-ríthe uile.[2][3][4]

Tháinig sé i gcoróin mar rí Dhál Fiatach sa bhliain 532. Tháinig sé i gcomharbacht ar Eochaidh mac Connla den Dál nAraidi mar rí Ulad sa bhliain 552, agus bhí sé i réim go dtí 556.[5]

Maraíodh é i gCath Druim Cleithe (Cill Chléithe, Contae an Dúin) ag a Cill ceathrar, Deamán mac Cairill (bás 572), tacaithe ag Uí Echach nÁrda, géag eile den Dál Fiatach.[6][7][8] Mar thoradh an chatha seo, caitheadh a mhuintir Uí Ibdaig amach as an ríogacht.

Tugtar cialla éagsúla ar an ainm, Iobhdach, Uí Ibdaig. Molann roinnt gur ainm mháthair athair Feargna é,[9] ach de réir eile, is leasainm a athair é, as Inse Ghaill, sinsear eapainmneach Chineál Aonghasa as Ìle.[10]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath : Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Fraser, James E. (2009). "From Caledonia to Pictland: Scotland to 795" 1. Dún Éadain: Edinburgh University Press. 
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, Imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ibdaig, eorna Inse Ghaill, ar eDIL
  2. Byrne, Tábla 6
  3. Charles-Edwards, aguisín XXI
  4. Mac Niocaill, lch. 74
  5. Sa Leabhar Laighneach, tá réimse 5 bliana aige; sa Sioncronachtaí Laud, 3 bliana.
  6. Annála Uladh, AU 557.1
  7. Annála Tiarnaigh, AT 556.2
  8. De réir Uí Chróinín, ll. 216-217 tharla an cath sa bhliain 533.
  9. Charles-Edwards, lch. 624
  10. Fraser, ll. 159–160.