Fórsaí Cosanta an Phobail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaFórsaí Cosanta an Phobail
Sonraí
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach HPG

Is ea iad Fórsaí Cosanta an Phobail (Coirdis: Hêzên Parastina Gel‎, HPG) sciathán míleata an ghrúpa Páirtí Oibrithe Chordastáin (PKK).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bratach YJA-Sta

Le linn an 7ú Comhdháil den PKK i mí Eanáir 2000, tháinig an HPG in áit iar-sciathán míleata an PKK, Arm Saoirse an Phobail Chordastáin (Artêşa Rizgariya Gêle Kurdistan, ARGK).

Bhí sé i gceist ag an athsholáthar cuardach a dhéanamh ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht Coirdeach-Turcach, tar éis Abdullah Öcalan a ghabháil i 1999.

Bhí páirt ghníomhach ag an HPG san idirbheartaíocht síochána idir Rialtas na Tuirce agus an PKK in 2013, mar óstach ar thoscaireacht ar a raibh roinnt polaiteoirí ón bPáirtí Síochána agus Daonlathais (BDP) agus baill de Chumann um Chearta an Duine na Tuirce (IHD). D'aontaigh siad saighdiúirí d’arm na Tuirce a scaoileadh saor chomh maith le polaiteoir Tuircis, a bhí faoi chuing acu.[1]

Sa bhliain 2014, bhí baint ag an HPG leis an gcomhrac i gcoinne Stát Ioslamach i Sinjar.[2] Athchromadh ar a choimhlint le stát na Tuirce in 2015.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Delegation on its way to meet Turkish prisoners held by PKK -FLASH | …". archive.is (2013-06-29). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-06-29. Dáta rochtana: 2020-12-13.
  2. rudaw.net (11-10-2020). "Commander who defended Mount Shingal's Yezidis killed in Turkish strike: PKK". Dáta rochtana: 2020.